This event will be open to the public. Ballykissane Pier can accommodate a small number of people and Banna Strand will have designated public standing areas.
There will be two commemorative events for Sir Roger Casement on Thursday 21st of April.
Sir Roger Casement was captured by the RIC on Banna Strand, where he had been landed by a German U–Boat. He was then imprisoned in England. Subsequently, Casement was tried and sentenced to death.
The first event will take place at Ballykissane Pier at 8am to commemorate the tragic events that occurred there.
The second event will take place at Banna Strand at noon and will begin with readings and a cultural element.
The formal State Ceremonial commemoration will then commence.
Casement’s U-boat arrived at Tralee Bay on 20 April 1916 (Holy Thursday), but there was no sign of the ‘Aud’, which was to land the German guns.
In the early hours of 21 April 1916, Casement came ashore at Banna Strand. Casement’s landing in Banna was one of the few significant events of the Easter Rising to happen outside of the capital, and it had a national and international impact.
Too weak to travel, he was discovered at McKenna’s Fort and brought under guard to Tralee before being removed to Dublin and later London.
The ceremony will also feature a reading of Casement’s speech by a professional actor, an introduction to Casement the man behind the politics, and a performance by the National Folk Choir from Siamsa Tire.
The event will be attended by members of the Defence Forces, local and national political representatives, family descendants, and members of the local community.
Find out more: Commemorative Event for Sir Roger Casement
Beidh fáilte roimh an bpobal chuig an imeacht seo. Beidh líon beag daoine in ann dul ar Ché Bhaile Uí Chosáin agus beidh limistéir phoiblí ar Thrá na Beannaí áit a mbeidh daoine in ann seasamh.
Eagrófar dhá imeacht comórtha don Sir Ruairí Mac Easmainn Déardaoin an 21 Aibreán.
Ghabh Constáblacht Ríoga na hÉireann Sir Ruairí Mac Easmainn ar Thrá na Beannaí, áit ar tháinig sé i dtír i bhfomhuireán Gearmánach. Cuireadh i bpríosún i Sasana é ansin. Cuireadh ar a thriail é ina dhiaidh sin agus daoradh chun báis é.
Tosóidh an chéad ócáid ag Cé Bhaile Uí Chosáin ar 8am chun na heachtraí tubaisteacha a tharla ansin a chomóradh.
Beidh an dara hócáid ar siúl ag Trá na Beannaí ag meán lae agus beidh léamha agus blaisín cultúrtha ann ag an tús.
Tosóidh an comóradh foirmiúil Searmanais Stáit ina dhiaidh sin.
Tháinig U-Bhád Casement i dtír ag Cuan Thrá Lí an 20 Aibreán 1916 (Déardaoin Naofa), ach ní raibh dé ar an ‘Aud’, a bhí chun gunnaí a thabhairt i dtír ón nGearmáin.
Moch maidin an 21 Aibreán 1916, tháinig Casement i dtír ar Thrá na Beannaí. Bhí teacht i dtír Casement ar Thrá na Beannaí ar cheann de na cúpla imeacht ba shuntasaí d’Éirí Amach na Cásca a tharla lasmuigh den phríomhchathair, agus bhí tionchar náisiúnta agus idirnáisiúnta aige.
Bhí sé ró-lag le dul in aon áit, agus thángthas air i nDún Mhic Cionaoith agus tugadh faoi gharda é go Trá Lí sular tugadh chun bealaigh go Baile Átha Cliath agus go Londain é ina dhiaidh sin.
Léifidh aisteoir gairmiúil píosa as óráid Casement freisin ag an searmanas, cuirfear in aithne Casement, an duine, gan aon tagairt do chúrsaí polaitíochta, agus seinnfidh an Cór Náisiúnta Pobail ó Shiamsa Tíre.
Freastalóidh baill d’Óglaigh na hÉireann, ionadaithe polaitiúla áitiúla agus náisiúnta, daoine muinteartha na dteaghlach, agus an pobal áitiúil ar an ócáid.
Tuilleadh eolais: Imeacht Comórtha i gcuimhne Sir Ruairí Mac Easmainn