Sligo Sligeach

Benbulben

Sligeach 2016: Sligo 2016 is a once-in-a-century opportunity to celebrate our County and our State, to acknowledge who we have become and the changes we have seen in the last 100 years, as we explore the journey from subject to citizenship.

Is deis é Sligeach 2016: Sligo 2016 nach dtagann ach uair i gcéad bliain lenár gContae agus lenár Stát a cheiliúradh, lena aithint cé sinne anois agus leis na hathruithe atá feicthe againn le 100 bliain anuas a aithint agus sinn ag amharc ar an aistear ó ghéillsineach go saoránacht.

When you come to Sligo in 2016, or move around within the county, you will know that something significant is being marked, whether it be from the visual welcome you get entering each area of the county, or by attending a key countywide event organised with the people of Sligo, as we remember the past, reflect on our achievements and re-imagine our county and our country for future generations.

The programme is creative, inspiring and respectful. It engages people of all ages. The explorations around the men and women of 1916 will be historically accurate. By using the guiding principles of remembering, reflecting and re-imagining, the actions outlined will facilitate citizens to gain further insight into what happened in the past, and look at how we choose to shape our future, based on this shared past. Sligeach 2016: Sligo 2016 sets out to give the widest possible invitation to the people of Sligo and Ireland, here and abroad, to engage at some level with the programme.

There are over 40 actions in this programme, and each endeavours to prompt the citizens of Sligo and beyond to remember, reflect and re-imagine. The actions complement, support and add to the National Centenary Programme, as they stimulate the public imagination. Sligo 2016 embraces the opportunity to explore the legacy of 1916, so that we can learn from it and positively inform the community of Sligo and beyond. Sligo Council led an extensive programme of local consultation with interest groups and community organisations, historical societies, schools and youth organisations, relatives of those who took part in the events of 1916, and other interested parties to facilitate and assist in the development of initiatives for 2016. Two public consultation meetings were held, along with a facilitated workshop with the major cultural, education and business organisations in County Sligo. Direct submissions were also invited and received by post and online. The contents of this programme reflect this process and the success of Sligeach 2016: Sligo 2016 will be measured by the level of citizen engagement with the Programme.

Sligeach 2016: Sligo 2016 reflects five intersecting themes of remembrance, shared history, reconciliation, reflecting and re-imagining. To ensure opportunities for the whole community of Sligo to participate, it includes a combination of local and county events, with a balanced geographic and calendar based distribution.

Sligo has many connections to the 1916 Rising and these connections form the centrepiece of this Programme. Key community, sporting, cultural, heritage, educational and business organisations have been identified to support the delivery of the programme. Some will do this as part of their annual activities while others will run specific events for Sligo 2016. The Actions in the Sligeach 2016 : Sligo 2016 Programme are not ‘stand alone’ actions, but are instead interwoven into a celebration of one with the other. For the successful delivery of these actions, delivery agents will need to ensure they work closely together on the overall vision of Sligo 2016 at all times for maximum impact.

The Sligo Roll of Honour

While a lot of activity around the 1916 Rising took place in Dublin, each county has its own unique connections to this historical event. Sligo has a large number of clearly documented personal connections to events in Easter 1916, and ongoing research in 2016 could reveal further connections. The current Roll Of Honour Easter 1916 with Sligo Connections contains the following names: Constance Markievicz, Linda Kearns, Martin Savage, William Partridge, Martin Connolly, Alasdair McCabe, Patrick McDermott, Martin Murphy, James Burns and Michael Barrett.

Read more

Nuair a thagann tú go Sligeach in 2016, nó nuair a théann tú ó áit go háit sa chontae, beidh a fhios agat go bhfuil rud éigin mór á chomóradh, bíodh sin mar gheall ar an bhfáilte a fheicfidh tú agus tú ag dul isteach i ngach ceantar den chontae, nó nuair a fhreastalaíonn tú ar mhórócáid ar fud an chontae a eagrófar i gcomhar le bunadh Shligigh, agus sinn ag cuimhneamh ar an am atá caite, ag machnamh ar a bhfuil curtha i gcrích againn agus ag athshamhlú ár gcontae agus ár dtíre do na glúine amach anseo.

Tá an clár cruthaitheach, spreagúil agus ómósach. Meallann sé idir óg is aosta le bheith páirteach ann. Beidh na hiniúchtaí ar fhir agus ar mhná 1916 cruinn ó thaobh na staire de. Ach na prionsabail threoracha - cuimhnigh, machnaigh agus athshamhlaigh - a úsáid, ligfidh na gníomhartha a gcuirfear síos orthu do shaoránaigh léargas breise a fháil ar ar tharla san am a chuaigh thart, agus breathnú ar conas a shocraímid ár dtodhchaí a mhúnlú, bunaithe ar an stair chomhroinnte seo. Leagann Sligeach 2016: Sligo 2016 amach an cuireadh is leitheadaí agus is féidir ar mhuintir Shligigh agus ar mhuintir na hÉireann, anseo agus thar sáile, bheith páirteach ar leibhéal éigin sa chlár.

Tá os cionn 40 gníomh sa chlár seo, agus féachann gach ceann acu le saoránaigh Shligigh agus níos faide i gcéin a spreagadh chun cuimhneamh, machnamh agus athshamhlú a dhéanamh. Comhlánaíonn na gníomhartha an Clár Náisiúnta Comórtha Céad Bliain, tacaíonn siad agus cuireann siad leis, agus iad ag gríosú shamhlaíocht an phobail. Tapaíonn Sligeach 2016 an deis oidhreacht 1916 a iniúchadh, ionas gur féidir linn go léir foghlaim uaidh agus eolas a thabhairt go dearfach do phobal Shligigh agus níos faide i gcéin. Bhí Comhairle Shligigh i mbun clár leitheadach comhairliúcháin áitiúil le grúpaí sainleasa agus eagraíochtaí pobail, cumainn staire, scoileanna agus eagraíochtaí óige, gaolta na ndaoine a ghlac páirt in imeachtaí 1916, agus páirtithe leasmhara eile le forbairt tionscnamh do 2016 a éascú agus le cuidiú leo. Tionóladh dhá chruinniú comhairliúcháin, chomh maith le ceardlann a éascaíodh leis na móreagraíochtaí cultúrtha, oideachais agus gnó i gContae Shligigh. Lorgaíodh aighneachtaí díreacha freisin agus glacadh leo trí phost agus ar líne. Léiríonn ábhar an chláir seo an próiseas seo agus tomhaisfear dul chun cinn Sligeach 2016: Sligo 2016 de réir leibhéal rannpháirtíochta saoránach sa chlár.

Léiríonn Sligeach 2016: Sligo 2016 cúig théama idirshnaidhmthe: cuimhneamh, stair chomhroinnte, athmhuintearas, machnamh agus athshamhlú. Chun deiseanna a chinntiú do phobal uile Shligigh bheith páirteach, tá san áireamh ann meascán d’ócáidí áitiúla agus contae, le scaipeadh cothrom tíreolaíoch agus féilire.

Tá a lán nasc ag Sligeach le hÉirí Amach 1916 agus is iad na naisc seo croílár an Chláir seo. Tá príomheagraíochtaí pobail, spóirt, cultúrtha, oidhreachta, oideachais agus gnó aimsithe chun tacú le cur i gcrích an Chláir seo. Beidh cuid de seo mar chuid dá n-imeachtaí bliantúla agus beidh cuid eile ag reáchtáil imeachtaí ar leith do Shligeach 2016. Ní imeachtaí aonair iad na Gníomhartha i gClár Sligeach 2016 : Sligo 2016. Tá siad fite fuaite ina chéile, ag ceiliúradh a chéile. Ar mhaithe leis na gníomhartha seo a chur i gcrích go rathúil, beidh ar ghníomhairí atá freagrach as cur i gcrích a chinntiú go gcomhoibreoidh siad le chéile ar mhórfhís Shligeach 2016 i rith an ama leis an tionchar is mó a imirt.

Liosta Laochra Shligigh

Cé gur i mBaile Átha Cliath a tharla cuid mhór d’eachtraí Éirí Amach 1916, tá a naisc ar leith ag gach contae leis an eachtra stairiúil seo. Tá líon mór nasc pearsanta, atá taifeadta go soiléir, ag Sligeach le heachtraí na Cásca 1916, agus d’fhéadfadh taighde leanúnach in 2016 teacht ar thuilleadh nasc. I Liosta Laoch na Cásca 1916 tá naisc le Sligeach ag na hainmneacha seo a leanas: Constance Markievicz, Linda Kearns, Martin Savage, William Partridge, Martin Connolly, Alasdair McCabe, Patrick McDermott, Martin Murphy, James Burns and Michael Barrett.

Níos mó

Stay up-to-date Fan ar an eolas


News Nuacht

Follow the latest news from the Ireland 2016 team including updates of events and programme updates.

Faigh an nuacht is déanaí ó fhoireann Éire 2016, imeachtaí nua agus athruithe ar an gclár ina measc.



Partners Comhpháirtithe

Stay up-to-date with our Partners and follow what’s on in your area, helping to commemorate Ireland 2016.

Fan ar an eolas maidir lenár gComhpháirtithe agus an méid a bheidh ar siúl i do cheantar féin chun Éire 2016 a chomóradh.