Ealaín na Gaeltachta, Muintearas and Comhar Naíonraí na Gaeltachta are each involved in delivering a number of initiatives which form a central part of the overall Irish Language Programme. Among these initiatives will be a Gaeltacht showcase event organised by Ealaín na Gaeltachta who will also play a central role in coordinating a series of multi-disciplinary arts projects by Irish language artists with Easter 1916 as the key theme.
These events and exhibitions will be hosted in suitable arts facilities during 2016, both within the Gaeltacht and nationally. Gaeltacht pre-schools that operate under the auspices of Comhar Naíonraí na Gaeltachta will be participating in Proclamation Day on 15 March 2016.
Tá Ealaín na Gaeltachta, Muintearas agus Comhar Naíonraí na Gaeltachta páirteach i dtionscnaimh ar leith a sheachadadh atá mar dhlúthchuid den chlár Gaeilge. I measc na dtionscnamh seo, beidh sárthaispeántas Gaeltachta eagraithe ag Ealaín na Gaeltachta, a mbeidh ról lárnach acu freisin i gcomhordú sraith de thionscadail ealaíona ildisciplíneacha ag ealaíontóirí Gaeilge agus Cáisc 1916 mar eochairthéama don tsraith.
Beidh na himeachtaí/taispeántais seo ar siúl le linn 2016 in áiseanna feiliúnacha ealaíona, taobh istigh den Gaeltacht agus go náisiúnta. Beidh naíonraí Gaeltachta, faoi choimirce Chomhar Naíonraí na Gaeltachta, ag glacadh páirte i Lá an Fhorógra atá á chomhordú ag an Roinn Oideachais agus Scileanna agus a bheidh ar siúl sna hinstitiúidí oideachais go léir ar an 15 Márta 2016.