National Museum of Ireland Ard-Mhúsaem na hÉireann


As Ireland’s largest National Cultural Institution, the National Museum of Ireland has a unique responsibility for the natural history of Ireland and for the rich material culture of its people.

Toisc gurb é Ard-Mhúsaem na hÉireann an Foras Cultúrtha Náisiúnta is mó in Éirinn, tá freagracht ar leith air as stair dhúlra na hÉireann agus as cultúr ábhartha saibhir a pobail.

The National Museum of Ireland holds its collections in trust for the nation, with a unique responsibility for the rich material culture of Ireland and its people and the natural history of our island. Admission to all four museums is free.

The National Museum of Ireland is organising a public engagement programme that will take place within the four museum sites throughout 2016. This programme will comprise of a new exhibition of the most significant artefacts related to Easter Week 1916 and a public engagement programme that will be inspired by this rich collection of historical objects and material on the 1916 Rising and its aftermath. The programme will reach out to a wide range of audiences, using the arts to explore the many themes and issues that relate to this period in history.

The public engagement programme aims to be ambitious and provocative, enabling people to reflect on, explore and challenge the well-worn narratives of 1916 and to interrogate, one hundred years on, these extraordinary events in terms of their legacy for and significance to contemporary Irish society.

Through this programme, the museum offers quality and authentic experiences for everyone. It aims to be inclusive of many voices, providing active, relevant and participative opportunities for children, adults, families and young people to engage with the programme of events and activities and to access the museum’s collections.

The 1916 public programme includes: a new exhibition, ‘Proclaiming a Republic: The 1916 Rising’ which tells the story of Easter Week 1916; a range of events with Dermot Bolger as Poet in Residence at the National Museum of Ireland at Collins Barracks; specialised tours of the new 1916 exhibition; public talks on recent archaeological finds that reveal new information about 1916; a major conference and exhibition on the theme of ‘Exploring Design, Craft and Collective Identity over the past century’, with Edmund de Waal as our keynote conference speaker; events that provide insight into Roger Casement, the humanitarian; an online learning resource aimed at primary and post primary schools which explores the 1916 collections in greater depth, and a project entitled ‘Beyond Sackville Street and the Somme’, which will examine the effects of the Easter Rising and World War I on the lives of people throughout Ireland.

This programme is being developed in partnership with a range of others including Poetry Ireland and the Design and Crafts Council of Ireland.

For more information please visit www.museum.ie

Coinníonn Ard-Mhúsaem na hÉireann a bhailiúcháin ar iontaobhas don náisiún. Tá freagracht ar leith air as cultúr ábhartha saibhir na hÉireann agus a pobal agus as stair dhúlra ár n-oileáin. Tá saorchead isteach sna ceithre mhúsaem.

Tá Ard-Mhúsaem na hÉireann ag eagrú clár rannpháirtíochta poiblí a bheidh ar siúl i gceithre shuíomh an mhúsaeim i rith 2016. Is é a bheidh sa chlár seo taispeántas nua de na déantáin is tábhachtaí a bhaineann le Seachtain na Cásca 1916, agus clár rannpháirtíochta poiblí a bheidh spreagtha ag an mbailiúchán saibhir seo d’ábhar agus de rudaí stairiúla maidir le hÉirí Amach 1916 agus an tréimhse ina dhiaidh sin. Freastalóidh an clár ar chuid mhór daoine agus bainfear úsáid as na healaíona chun an dúrud téamaí agus saincheisteanna a bhaineann leis an tréimhse seo sa stair a fhiosrú.

Tá an clár rannpháirtíochta poiblí in ainm a bheith uaillmhianach agus gríosaitheach. Cuirfidh sé ar chumas daoine machnamh a dhéanamh ar na seanscéalta a ghabhann le 1916, iad a fhiosrú agus amhras a chaitheamh orthu, agus na himeachtaí iontacha sin a cheistiú céad bliain tar éis 1916 ó thaobh a n-oidhreachta agus a dtábhachta maidir le sochaí na hÉireann sa lá atá inniu ann.

Cuirfidh an músaem eispéiris bharántúla den scoth ar fáil do chách de thoradh an chláir seo. Tá sé mar aidhm aige mórán guthanna a chur san áireamh agus deiseanna gníomhacha, ábhartha agus rannpháirtíocha a thabhairt do pháistí, do dhaoine fásta, do theaghlaigh agus do dhaoine óga chun páirt a ghlacadh sa chlár imeachtaí agus gníomhaíochtaí agus chun teacht a fháil ar bhailiúcháin an mhúsaeim.

Cuimsítear an méid seo a leanas i gclár poiblí 1916: taispeántas nua, ‘Dearbhú na Poblachta: Éirí Amach 1916’ a insíonn scéal Sheachtain na Cásca 1916; réimse imeachtaí le Dermot Bolger mar Fhile Cónaithe in Ard-Mhúsaem na hÉireann ag Dún Uí Choileáin; sainturais ar an taispeántas nua i dtaobh 1916; cainteanna poiblí ar fhionnachtana seandálaíochta ar thángthas orthu le déanaí a thugann faisnéis nua faoi 1916; mórchomhdháil agus taispeántas ar an téama, ‘Dearadh, Ceardaíocht agus Féiniúlacht Chomhchoiteann a fhiosrú le céad bliain anuas’, agus Edmund de Waal ina phríomhchainteoir ag an gcomhdháil; imeachtaí a thugann léargas ar Ruairí Mac Easmainn, an daonnúlach; acmhainn foghlama ar líne atá dírithe ar bhunscoileanna agus iar-bhunscoileanna a spíonann bailiúcháin 1916; agus tionscadal dar teideal ‘Ar an Taobh Eile de Shráid Sackville agus an Somme’, a scrúdóidh an tionchar a bhí ag Éirí Amach na Cásca agus ag an gCéad Chogadh Domhanda ar mhuintir na hÉireann.

Tá an clár seo á fhorbairt i gcomhpháirtíocht le mórán eile lena n-áirítear Éigse Éireann agus Comhairle Dhearaidh agus Cheardaíochta na hÉireann

Chun tuilleadh eolais a fháil amharc ar www.museum.ie.

Stay up-to-date Fan ar an eolas


News Nuacht

Follow the latest news from the Ireland 2016 team including updates of events and programme updates.

Faigh an nuacht is déanaí ó fhoireann Éire 2016, imeachtaí nua agus athruithe ar an gclár ina measc.



Partners Comhpháirtithe

Stay up-to-date with our Partners and follow what’s on in your area, helping to commemorate Ireland 2016.

Fan ar an eolas maidir lenár gComhpháirtithe agus an méid a bheidh ar siúl i do cheantar féin chun Éire 2016 a chomóradh.