Irish Film Institute Institiúid Scannán na hÉireann


Irish Film Institute, the home of film in Ireland.

Institiúid Scannán na hÉireann, príomhionad na scannán in Éirinn.

For a century now filmmakers, both Irish and foreign, have been drawn to the inherent drama in the Irish struggle for independence. Fiction and non-fiction films dealing with the 1916–1922 period abound. This programme presents a broad sweep of cinema and television work focusing particularly on the 1916 Rising.

The tones vary from reverent to satirical, from unashamedly nationalistic to politically interrogative. The compendium of foreign perspectives range from the simple, unmediated camera rushes of British newsreel cameramen to the more complicated narrative layers of John Ford’s adaptation of Sean O’Casey’s 1916 tenement masterpiece; Jack Cardiff’s spin on John Ford’s later fictionalisation of Sean O’Casey’s life; and David Lean’s sumptuous love story to which the events of 1916 are but a footnote. Local filmmakers’ response to the narrative is no less textured: from Neil Jordan’s epic biopic of Michael Collins (itself the subject of much debate around historical accuracy); Isaac Eppel’s powerful War of Independence drama (released on the 10th anniversary of the Easter Rising); RTÉ’s pioneering Insurrection series; Gael Linn’s unashamedly nationalistic Mise Éire (screened at the National Concert Hall in January); the multi-faceted brace of new short works, some reverent, some satirical, inspired by the centenary and commissioned by Bord Scannán na hÉireann/the Irish Film Board; and the eclectic collection of shorts (mostly released for the 50th anniversary) appearing in the Archive at Lunchtime strand.

A panel populated by filmmakers and historians will explore the value and veracity of the representations.

Le céad bliain anuas tá lucht déanta scannán, idir Éireannaigh agus eachtrannaigh, meallta ag an dráma a bhaineann le troid na hÉireann ar son na saoirse. Is iomaí scannán ficsin agus neamhfhicsin ann faoin tréimhse idir 1916 agus 1922. Tá réimse leathan de shaothar pictiúrlainne agus teilifíse sa chlár seo a dhíríonn ar Éirí Amach 1916 go háirithe.

Tá toin éagsúla le sonrú sna saothair – toin urramacha, toin aoracha, toin atá náisiúnaíoch gan náire agus toin atá ceisteach ó thaobh na polaitíochta de. Maidir le dearcadh na n-eachtrannach ar an ábhar, faightear na buntéipeanna simplí díreacha ceamara de chuid cheamaradóirí nuachtscannán na Breataine agus na sraitheanna scéil níos casta in athchóiriú John Ford ar shárshaothar tionóntáin Sheán Uí Chathasaigh atá suite i 1916; léamh Jack Cardiff ar leagan ficsin John Ford de shaol Sheáin Uí Chathasaigh ní b’fhaide anonn; agus scéal grá costasach David Lean nach bhfuil imeachtaí 1916 ach ina bhfonóta leis. Ní hé go bhfuil níos lú uigeachta i gceist le freagairt na scannánóirí áitiúla ar an scéal: beathscannán eipiciúil Neil Jordan faoi Mhicheál Ó Coileáin (atá ina mhórábhar díospóireachta i leith cruinneas staire); dráma cumhachtach Isaac Eppel faoi Chogadh na Saoirse (a cuireadh amach sa chomóradh deich mbliana ar Éirí Amach na Cásca); sraith cheannródaíoch RTÉ ‘Insurrection’; Mise Éire – saothar de chuid Ghael Linn atá náisiúnaíoch gan náire (a taispeánadh sa Cheoláras Náisiúnta i mí Eanáir); roinnt gearrshaothair ilghnéitheacha nua, cuid acu atá urramach, cuid acu atá aorach, iad spreagtha ag an gcomóradh céad bliain agus arna gcoimisiúnú ag Bord Scannán na hÉireann; agus an bailiúchán eicléictiúil gearrscannán (ar eisíodh a bhformhór don chomóradh 50 bliain) atá le feiceáil sa tsraith ‘Archive at Lunchtime’.

Déanfaidh painéal scannánóirí agus staraithe iniúchadh ar luach agus ar fhírinneacht na léirithe.

Stay up-to-date Fan ar an eolas


News Nuacht

Follow the latest news from the Ireland 2016 team including updates of events and programme updates.

Faigh an nuacht is déanaí ó fhoireann Éire 2016, imeachtaí nua agus athruithe ar an gclár ina measc.



Partners Comhpháirtithe

Stay up-to-date with our Partners and follow what’s on in your area, helping to commemorate Ireland 2016.

Fan ar an eolas maidir lenár gComhpháirtithe agus an méid a bheidh ar siúl i do cheantar féin chun Éire 2016 a chomóradh.