Irish Film Board Bord Scannán na hÉireann


The role of Bord Scannán na hÉireann/the Irish Film Board (IFB) is the national development agency for Irish film making and the Irish film, television and animation industry, investing in talent, creativity and enterprise.

Is é Bord Scannán na hÉireann an ghníomhaireacht náisiúnta forbartha do scannánaíocht na hÉireann agus do thionscal scannán, teilifíse agus beochana na hÉireann. Cuireann sé infheistíocht i dtallann, i gcruthaitheacht agus i bhfiontar.

The agency supports writers, directors and production companies across these sectors by providing investment loans for the development, production and distribution of film, television and animation projects.

The IFB also supports and promotes the Irish screen industries at major international markets and festivals; promotes inward investment and the use of Ireland as a location for international production; and provides support for companies filming on location in Ireland. The agency provides a strategic vision for industry training through Screen Training Ireland.

Bord Scannán na hÉireann/the Irish Film Board (IFB) commissioned a once-off initiative to fund a number short films commemorating, celebrating and ruminating on 1916 and how the events of Easter Monday and beyond forged the landscape of the following century. The IFB invited filmmakers to give their response to 1916 and the hundred years since. The nine selected films, which are a mixture of live action, animation and documentary, will be available to screen from March 2016. These films will be attainable as a package (approx 90 minutes in total) or as individual short films.

Fore more information please visit the Irish Film Board online. 

Tacaíonn an ghníomhaireacht le scríbhneoirí, le stiúrthóirí agus le compántais léiriúcháin sna hearnálacha sin trí iasachtaí infheistíochta a sholáthar chun tionscadail scannán, teilifíse agus bheochana a fhorbairt, a tháirgeadh agus a dháileadh.

Lena chois sin, tacaíonn Bord Scannán na hÉireann le tionscail scáileán na hÉireann ag margaí agus ag féilte móra idirnáisiúnta agus cuireann sé chun cinn iad; cuireann sé infheistíocht isteach agus úsáid na hÉireann mar láthair le haghaidh léiriúchán idirnáisiúnta chun cinn; agus tugann sé tacaíocht do chuideachtaí a bhíonn i mbun scannánaíochta ar an láthair in Éirinn. Soláthraíonn an ghníomhaireacht fís straitéiseach d’oiliúint an tionscail trí Screen Training Ireland.

Choimisiúnaigh Bord Scannán na hÉireann tionscnamh aonuaire chun maoiniú a dhéanamh ar ghearrscannáin ina ndéantar comóradh, ceiliúradh agus machnamh ar 1916 agus ar an tslí ar mhúnlaigh imeachtaí Luan Cásca agus dá éis an tírdhreach sa chéad ina dhiaidh sin. Thug Bord Scannán na hÉireann cuireadh do scannánóirí a bhfreagairt a thabhairt ar 1916 agus ar an gcéad bliain ina dhiaidh. Beidh na naoi scannán roghnaithe, ina bhfuil meascán de bheoghníomhaíocht, de bheochan agus d’ábhar faisnéise, ar fáil lena dtaispeáint ó mhí an Mhárta 2016 ar aghaidh. Féadfar na scannáin sin a fháil mar phacáiste (thart ar 90 nóiméad san iomlán) nó mar ghearrscannáin aonair.

Breathnaigh ar Bhord Scannán na hÉireann ar líne  chun tuilleadh eolais a fháil.

Stay up-to-date Fan ar an eolas


News Nuacht

Follow the latest news from the Ireland 2016 team including updates of events and programme updates.

Faigh an nuacht is déanaí ó fhoireann Éire 2016, imeachtaí nua agus athruithe ar an gclár ina measc.



Partners Comhpháirtithe

Stay up-to-date with our Partners and follow what’s on in your area, helping to commemorate Ireland 2016.

Fan ar an eolas maidir lenár gComhpháirtithe agus an méid a bheidh ar siúl i do cheantar féin chun Éire 2016 a chomóradh.