An Garda Síochána An Garda Síochána


An Garda Síochána: the national policing and security service.

An Garda Síochána: an tseirbhís náisiúnta phóilíneachta agus slándála

An Garda Síochána’s Ceremonial Unit will participate in the 1916 ceremonial events on Easter Sunday and Easter Monday.

A lecture series on Policing and 1916 began in January with a lecture from Professor Eunan O’Halpin from Trinity College Dublin. This will continue in May with a lecture from Dr Myles Dungan on the 1916 Court Martials.

A Police Memorabilia Day at the Gresham Hotel, Dublin will be held in late April or early May. This event will invite police relatives and collectors to bring along items of interest relating to 1916 which can be discussed with members of The Garda Historical Society. Artefacts will be photographed and scanned. There will also be lectures on the day given by Sgt. Paul Maher on Policing Dublin in 1916, and Mr. Padraig Yeates on Prisoners in 1916.

A similar event will take place in Cork City in May.

Garda Mark Massey, a great grandson of the Dublin Metropolitan Police Constable Edward Dunphy who was taken prisoner in the GPO, will participate in the 100th Anniversary Events for Easter Sunday and Easter Monday in Dublin. 

It is planned that a refurbished Garda Museum will open later in 2016, which will include policing-related memorabilia and artefacts from 1916.

 

Glacfaidh Aonad Searmanais an Gharda Síochána páirt in imeachtaí searmanais 1916 Domhnach Cásca agus Luan Cásca.

Cuireadh tús le sraith léachtaí ar Phóilíneacht agus 1916 in Eanáir nuair a thug an tOllamh Eunan O’Halpin ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, léacht. Leanfaidh seo ar aghaidh i mBealtaine le léacht ón Dr Myles Dungan ar Armchúirteanna 1916.

Beidh Lá Earraí Cuimhneacháin na bPóilíní ar siúl in Óstán an Gresham i mBaile Átha Cliath go déanach in Aibreán nó go luath i mBealtaine. Tabharfaidh an t-imeacht seo cuireadh do ghaolta póilíní agus do bhailitheoirí chun earraí spéise a bhaineann le 1916 a thabhairt leo ar féidir plé a dhéanamh orthu le comhaltaí de chuid Chumann Staire an Gharda Síochána. Glacfar grianghraif de dhéantáin agus déanfar iad a scanadh. Chomh maith leis sin, beidh léachtaí ar siúl ar an lá a thabharfaidh an Sáirsint Paul Maher ar Phóilíneacht i mBaile Átha Cliath i 1916 agus a thabharfaidh an tUasal Pádraig Yeates ar Phríosúnaigh i 1916.

Beidh a mhacasamhail d’imeacht ar siúl i gCorcaigh i mBealtaine.

Beidh an Garda Mark Massey – mac gharpháiste an Chonstábla a bhí mar bhall de Phóilíní Chathair Átha Cliath, Edward Dunphy, a glacadh mar phríosúnach in Ard-Oifig an Phoist – i mBaile Átha Cliath chun páirt a ghlacadh sna hImeachtaí Comórtha Céad Bliain a bheidh ar siúl Domhnach Cásca agus Luan Cásca.

Tá sé beartaithe go n-osclófar iarsmalann athchóirithe de chuid an Gharda Síochána níos déanaí in 2016, ina mbeidh earraí cuimhneacháin agus déantáin a bhaineann le cúrsaí póilíneachta ó 1916.

 

 

Stay up-to-date Fan ar an eolas


News Nuacht

Follow the latest news from the Ireland 2016 team including updates of events and programme updates.

Faigh an nuacht is déanaí ó fhoireann Éire 2016, imeachtaí nua agus athruithe ar an gclár ina measc.



Partners Comhpháirtithe

Stay up-to-date with our Partners and follow what’s on in your area, helping to commemorate Ireland 2016.

Fan ar an eolas maidir lenár gComhpháirtithe agus an méid a bheidh ar siúl i do cheantar féin chun Éire 2016 a chomóradh.