DCYA conducted six consultations with children (aged 8-12) and young people (13-17) on their wishes for the future of Ireland, as part of the Ireland 2016 Centenary Programme.
Participants were also asked for their views on how to honour the children who died in 1916. The findings from these consultations will be compiled in a report to be presented to An Taoiseach, Ministers and decision makers at a Children's State Ceremonial event in June 2016 by children who participated in the consultations.
Their suggestions about how to honour the children who died in 1916 will also be incorporated into the event. The children’s event will honour the children of the past and the children of the present – focussing on their wishes for the future of Ireland.
DCYA is working with Dublin City Council to create a commemorative playground to honour the children killed in 1916, which was a top suggestion at the consultations with children and young people. Details will be announced at the State Ceremonial event in June.
National Play Day and National Recreation Week have been themed Remembering 1916, with funding provided to support local authorities to incorporate commemorative activities into their local events. In addition, funds are being provided to support Dublin City Council to host an extended Play Day on March 28th in Dublin City based on the Remembering 1916 theme.
Rinne RLGÓ 6 chomhairliúchán le leanaí (8-12 bliana) agus le daoine óga (13-17 bliana) maidir lena gcuid mianta do thodhchaí na hÉireann, mar chuid d’Éire 2016 Clár Comórtha Céad Bliain.
Cuireadh ceist ar rannpháirtigh chomh maith maidir lena gcuid tuairimí faoi conas ómós a léiriú do na leanaí a fuair bás i 1916. Tiomsófar cinneadh na gcomhairliúchán seo i dtuarascáil a chuirfear faoi bhráid An Taoisigh, Airí agus lucht cinnteoireachta ag ócáid Searmanais Stáit do Leanaí i Mí Mheithimh 2016 ag leanaí a ghlac páirt sna comhairliúcháin.
Ionchorprófar san ócáid a gcuid moltaí faoi conas ómós a léiriú do na leanaí a fuair bás i 1916 chomh maith. Léireoidh ócáid na leanaí ómós do leanaí an ama atá thart agus do leanaí na linne seo – ag díriú ar a gcuid mianta do thodhchaí na hÉireann.
Tá RLGÓ ag obair le Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath chun clós súgartha comórtha a chruthú chun ómós a léiriú do na leanaí a maraíodh i 1916; bhí seo ar cheann de na príomh-mholtaí ag na comhairliúcháin le leanaí agus le daoine óga. Fógrófar sonraí ag ócáid Searmanais an Stáit i Mí Mheithimh.
Is é an téama a roghnaíodh don Lá Náisiúnta Súgartha agus don tSeachtain Náisiúnta Chaithimh Aimsire ná ‘Ag Cuimhneamh ar 1916’, agus tá maoiniú curtha ar fáil chun tacú le húdaráis áitiúla chun gníomhaíochtaí comórtha a ionchorprú ina gcuid imeachtaí áitiúla. Ina theannta sin, tá maoiniú breise á chur ar fáil chun tacú le Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath chun Lá Súgartha leathnaithe a óstáil ar 28 Márta i gCathair Bhaile Átha Cliath, bunaithe ar an téama ‘Ag Cuimhneamh ar 1916’.