Entitled I Am Ireland, the Culture Ireland international programme is a key element of the Global and Diaspora strand of the Ireland 2016 Centenary Programme. Inspired by the opening line of Pearse's poem Mise Eire, the programme will focus on contemporary artists and influencers, while reflecting on Ireland's cultural journey over the last 100 years.
Events will take place throughout 2016 at international festivals and venues with a special focus on key territories such as the United States, Britain, Canada and Australia with which Ireland has strong ties.
The I Am Ireland programme will feature hundreds of artists from the worlds of theatre, dance, cinema, literature and the visual arts. It will enable Irish artists and companies to present their work across the globe, demonstrating the strength of Ireland's creative sector and building on Ireland's renowned international reputation for artistic excellence and innovation.
Agus é á reáchtáil faoin teideal Mise Éireann, tá clár idirnáisiúnta Chultúr Éireann ina ghné thábhachtach den snáithe ‘Éireannaigh ar fud an Domhain agus an Diaspóra’ de Chlár Comórtha Céad Bliain Éire 2016. Tá teideal an chláir faoi spreagadh ag an líne thosaigh sa dán Mise Éire le Pádraig Mac Piarais agus díreoidh sé ar ealaíontóirí comhaimseartha agus ar thionchar comhaimseartha, agus é ag déanamh machnamh ar thuras cultúrtha na hÉireann le céad bliain anuas.
Beidh imeachtaí ar siúl ag féilte agus ag ionaid idirnáisiúnta éagsúla le linn na bliana 2016. Díreofar go sonrach ar chríocha tábhachtacha a bhfuil naisc láidre ag Éirinn leo – na Stáit Aontaithe, an Bhreatain, Ceanada agus an Astráil ina measc.
Beidh na céadta ealaíontóir ó shaol na hamharclannaíochta, an damhsa, na scannánaíochta, na litríochta agus na n-amharcealaíon páirteach sa chlár Mise Éire. Cuirfidh sé ar chumas ealaíontóirí Éireannacha agus compántas Éireannach a saothar a chur i láthair ar fud an domhain, agus iad ag taispeáint a láidre atá earnáil cruthaitheachta na hÉireann agus ag cur leis an gcáil idirnáisiúnta atá ar Éirinn mar gheall ar an sármhaitheas ealaíne agus ar an nuálaíocht ealaíne atá le fáil inti.