Conradh na Gaeilge has organised a wide range of events and projects for next year to celebrate their role played in encouraging the generation of the Rising to reconnect with Irish culture, to rediscover their heritage, and to reimagine the Ireland they wanted to live in.
In addition to working to preserve and organise an extensive archive of contemporary documents, and working to locate materials all over Ireland, there will be a digitision of An Claidheamh Soluis, the official newspaper of Conradh na Gaeilge at the time of the Rising, as well as a selection of other important papers. A roadshow and mobile display will also be available to local groups and will be visible all around Ireland. This will make the most important bilingual primary sources on early 20th century Ireland accessible for the first time to students, journalists, academics from all over the world and help deepen understanding of this turbulent period in Irish history.
Conradh na Gaeilge will also celebrate and continue its proud tradition of independent thought with Plé 16, a series of seminars and public events held all over Ireland exploring the role of the Irish language in our past, present and future. These events will involve bilingual speakers from all over the world, from all walks of life, with simultaneous translation available to enable all those attending to participate fully in the national conversation. Some of the themes explored will include Conradh na Gaeilge and Intellectual Independence, 'Gaelic and Free': what does this mean in 2016?, and The Future of Gaelic Culture.
Conradh Na Gaeilge will also provide support and advice to local groups groups who are researching the history of the Irish language and the revival in their areas in the lead up to the 1916 centenary commemorations and to engaging with other groups on the island of Ireland participating in the commemorations. A mobile exhibition will give local groups a high quality insight into the history of the Irish language and its role in the context of the Easter Rising.
Through their programme Conradh na Gaeilge hopes to inspire even greater interest in the Irish language, in the history of the revival, and in the future of Irish culture.
Tá réimse leathan imeachtaí agus tionscadal eagraithe ag Conradh na Gaeilge chun ceiliúradh a dhéanamh ar ról na heagraíochta chun glúin an Éirí Amach a spreagadh chun ceangal in athuair lena gcultúr Gaelach, a n-oidhreacht a aimsiú in athuair, agus Éire mar a bhí uathu a athshamhlú.
Anuas ar an obair atá ar siúl chun cartlann mhór doiciméad comhaimseartha a chaomhnú agus a eagrú, agus ar an obair atá ar siúl chun teacht ar ábhair ar fud na hÉireann, déanfar An Claidheamh Soluis (nuachtán oifigiúil Chonradh na Gaeilge tráth an Éirí Amach) mar aon le roinnt páipéar tábhachtach eile, a dhigitiú. Beidh seó bóthair agus taispeántas taistil ar fáil freisin do ghrúpaí áitiúla agus beidh siad le feiceáil ó cheann ceann na tíre. Ar an ábhar sin, beidh na bunfhoinsí dátheangacha is tábhachtaí ó thréimhse luath an 20ú haois in Éirinn le fáil den chéad uair do dhaltaí, mic léinn, iriseoirí agus an lucht acadúil ón domhan ar fad.
Cabhróidh sé chun teacht ar thuiscint níos doimhne ar an tréimhse chorraitheach seo i stair na hÉireann. Ina theannta sin, leanfaidh Conradh na Gaeilge dá thraidisiún bródúil machnaimh neamhspleách agus déanfar ceiliúradh air sin le Plé 16, sraith seimineár agus imeachtaí poiblí a bheidh ar siúl ar fud na hÉireann ina bhféachfar ar ról na Gaeilge san am atá thart, san am i láthair, agus amach anseo. Beidh cainteoirí dátheangacha ón domhan ar fad agus ó gach gairm bheatha páirteach sna himeachtaí sin, agus beidh ateangaireacht chomhuaineach ar fáil chun go mbeidh ar chumas an lucht éisteachta ar fad páirt iomlán a ghlacadh sa chomhrá náisiúnta. I measc na dtéamaí a bhféachfar orthu, áireofar Conradh na Gaeilge agus an Neamhspleáchas Intleachtúil, ‘Gaelach agus Saor’: céard is ciall leis in 2016?, agus Todhchaí an Chultúir Ghaelaigh.
Cuirfidh Conradh na Gaeilge tacaíocht agus comhairle ar fáil do ghrúpaí áitiúla a bhfuil taighde ar siúl acu ar stair na Gaeilge agus ar an athbheochan ina gceantar féin sa tréimhse roimh chomóradh céad bliain 1916 agus beidh sé rannpháirteach le grúpaí eile ar oileán na hÉireann atá páirteach sa chomóradh. Le taispeántas taistil, gheobhaidh grúpaí áitiúla léargas ar ardchaighdeán ar stair na Gaeilge agus ar ról na teanga i gcomhthéacs Éirí Amach na Cásca.
Leis an gclár seo, tá Conradh na Gaeilge ag súil le spéis níos mó fós a spreagadh sa Ghaeilge, i stair na hathbheochana, agus ina bhfuil i ndán don chultúr Gaelach amach anseo.