The dedicated 1916 section of Century Ireland will go live in November 2015. Using archival material from partners in the national cultural institutions the events of 1916 will be brought to life. There will be sections exploring the main personnel who took part, as well as in depth coverage of the sites of 1916 and how the Rising came to happen. There will be a detailed hour by hour timeline of Easter week and information on where to find further archival material that relates to the event. It will also feature a number of written articles and filmed pieces where leading scholars explain and provide context to the events of 1916 and the impact these events had.
Throughout the year new information and material will be added and it will run as a live interactive site during Easter week. The Rising will be tweeted in real-time, and the site will feature a daily digest of individual accounts of the week, taken from diaries, letters and eye witness statements. Through the partnership with RTE, archival material recorded with rising participants in 1966 will also be showcased, along with films and news reports of the commemorative events as they take place during 2016.
Century Ireland will also showcase the work of different institutions and organisations produced for the 2016 commemorations. It will have a particular focus on providing information on educational material and lesson plans for use in schools and colleges. In essence Century Ireland aims to be a central online space for a deep historical understanding of what 1916 was all about.
Beidh rannán 1916 de Century Ireland ag dul beo i Mí na Samhna 2015. Trí úsáid a bhaint as ábhar cartlainne ó chomhpháirtithe sna forais chultúrtha náisiúnta, cuirfear beocht in imeachtaí 1916. Beidh rannáin ann ina mbreathnófar ar na príomhphearsana a bhí páirteach ann, chomh maith le miontuairisciú ar shuíomhanna 1916 agus conas ar tháinig an Éirí Amach chun cinn. Beidh amlíne mionsonraithe ann do Sheachtain na Cásca chomh maith le heolas faoi na háiteanna ina bhféadfar tuilleadh ábhair chartlainne a fháil a bhaineann leis an imeacht. Ina theannta sin, beidh roinnt alt agus míreanna scannánaithe ina ndéanann príomhshaineolaithe imeachtaí 1916 agus a n-iarmhairtí a mhíniú agus comhthéacs a thabhairt dóibh.
Ar feadh na bliana cuirfear eolas agus ábhar nua leis an suíomh agus feidhmeoidh sé mar shuíomh idirghníomhach le linn Sheachtain na Cásca. Seolfar tvuíteanna faoin Éirí Amach i bhfíor-am, agus beidh achoimre laethúil ar chuntais aonair den tseachtain, tógtha ó dhialanna, litreacha agus cuntais ó fhinnéithe. Tríd an gcomhpháirtíocht le RTÉ, cuirfear ábhar cartlainne a taifeadadh i 1966 le daoine a ghlac páirt san éirí amach ar taispeáint, mar aon le scannáin agus tuairiscí nuachta faoi na himeachtaí comórtha de réir mar a tharlaíonn siad le linn 2016.
Cuirfidh Century Ireland saothar na n-institiúidí agus eagraíochtaí éagsúla a rinneadh do chomóradh 2016 ar taispeáint freisin. Díreofar ach go háirithe ar eolas a chur ar fáil ar ábhar oideachais agus pleananna ceachta lena n-úsáid i scoileanna agus coláistí. Go bunúsach, tá sé mar aidhm le Century Ireland spás lárnach ar líne a chur ar fáil do thuiscint dhomhain stairiúil ar bhun agus barr 1916.