The next stop on the nationwide tour of the Mná 1916 – Women 1916 exhibition is the County Museum in Letterkenny, Donegal, where from Tuesday, 17th January – Thursday, 30th March 2017, visitors can catch a glimpse of a unique era indeed.
The power and strength of the women involved in Ireland’s uprising has been widely and fittingly celebrated in the centenary year, but perhaps nowhere more attentively than at Mná 1916 – Women 1916.
Featuring a remarkable variety of previously unseen items, from personal objects, images and documentation, to newly digitised birth, death, marriage and census records from private and public collections, this exhibition tells the stories of 300 of Ireland’s mothers, daughters, sisters, and wives involved in the Rising. Enhanced by material from the Military Archives, the National Library of Ireland and the National Museum of Ireland, it’s a fabulous tribute to the resilience and ability of those previously considered the ‘fairer’ sex.
Mná 1916 – Women 1916 has been lovingly curated by author and historian Sinéad McCoole. It was officially opened in Dublin Coach House in April, and has spent the past months touring to locations around Ireland.
On 25th May the exhibition travelled to St. Peter’s, Cork. Following this, the exhibition travelled to Cavan on 4th July, where McCoole, whose collaborations and expertise in many areas of Irish civil history have been received with acclaim both at home and abroad, held a special talk which focused on the diversity of the women’s story.
From Cavan the exhibition was on display in Waterford Library from the 20th of August to the 11th of September. It then travelled to Kildare for a five-day stay at the Kilcullen Heritage Centre on the 6th to 11th of October, and Sligo City Hall from 14th to 27th October, before heading to Galway, where visitors to the Centre for Drama, Theatre and Performance, NUI Galway were able to explore the exhibition until the 27th November.
The exhibition then travelled to Tipperary to the Nenagh Civic Offices, where it was on display from 29th November to 8th December. Following this, the exhibition was on display in Dundalk County Library, Louth, from 10th December to 18th December 2016
Final Stop 2017 – Donegal
The final stop for Mná 1916 – Women 1916 is the County Museum, in Letterkenny, Donegal, from Tuesday, 17th January – Thursday, 30th March 2017.
Make time for a visit and learn about the women of the Rising at Mná 1916 – Women 1916.
Please contact venues individually for further details.
Is é an chéad áit eile a dtabharfar cuairt air ar an gcamchuairt náisiúnta de Mhná 1916 – Women 1916 ná Músaem an Chontae i Leitir Ceanainn, Dún na nGall, inar féidir le cuairteoirí spléachadh a fháil ar ré an-uathúil ar fad ó Dé Máirt, an 17 Eanáir go dtí Déardaoin, an 30 Márta 2017.
Rinneadh comóradh fairsing mar ba chuí ar chumhacht agus ar neart na mban a bhí páirteach in éirí amach na hÉireann sa chomóradh céad bliain, ach b’fhéidir nach ndearnadh chomh stuama é áit ar bith is a rinneadh in Mná 1916 – Women 1916.
Agus bailiúchán suntasach earraí ann nach bhfacthas riamh roimhe seo, idir earraí pearsanta, íomhánna agus cháipéisí, agus súil á caitheamh ar thaifeadtaí nua-dhigitithe breithe, báis, pósta agus daonáirimh ó bhailiúcháin phríobháideacha agus phoiblí, insítear scéalta 300 bean – máithreacha, iníonacha, deirfiúracha, agus mná céile na hÉireann a bhí páirteach san Éirí Amach. Cuireann ábhar ó na Cartlanna Míleata, ó Leabharlann Náisiúnta na hÉireann agus ó Ard-Mhúsaem na hÉireann go mór leis an taispeántas, agus is ómós iontach é an taispeántas ar theacht aniar agus ar chumas na mban a samhlaítí laige agus leochaileacht leo.
Bhí Mná 1916 – Women 1916 faoi choimeád geanúil an údair agus staraí Sinéad McCoole. Osclaíodh go hoifigiúil é i dTeach Cóiste Bhaile Átha Cliath i mí Aibreáin, agus tugadh ar camchuairt é le cúpla mí anuas ar fud na hÉireann.
Tugadh an taispeántas ar camchuairt chuig Eaglais Naomh Peadar, Corcaigh an 25 Bealtaine. Ina dhiaidh sin, ar an 4 Iúil tugadh an taispeántas go dtí an Cabhán, áit ar thug McCoole, a bhfuil an-mheas ar a cuid comhshaothar agus saineolais ar an iomaí gné de stair shibhialta na hÉireann go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta, caint speisialta inar díríodh ar éagsúlacht scéalta na mban.
Ón gCabhán, bhí an taispeántas i Leabharlann Phort Láirge ón 20 Lúnasa go dtí an 11 Meán Fómhair. Tugadh go Cill Dara ansin é do chuairt cúig lá ar Ionad Oidhreachta Chill Chuillinn ón 6 go dtí an 11 Deireadh Fómhair, agus i Halla Cathrach Shligigh ón 14 go dtí an 27 Deireadh Fómhair, sular tugadh ar aghaidh go Gaillimh é, áit a raibh cuairteoirí ar an Ionad Drámaíochta, Téatair agus Taibhithe, OÉ Gaillimh ábalta iniúchadh a dhéanamh ar an taispeántas go dtí an 27 Samhain.
Thaisteal an taispeántas ansin chuig Tiobraid Árann, go hOifigí Cathartha an Aonaigh, áit a raibh sé ar taispeáint ón 29 Samhain go dtí an 8 Nollaig. Ina dhiaidh sin, bhí an taispeántas le feiceáil i Leabharlann Bhrainse Dhún Dealgan, Lú, ón 10 Nollaig go dtí an 18 Nollaig 2016.
An chuairt dheireanach in 2017 - Dún na nGall
Tabharfar Mná 1916 – Women 1916 ar a chuairt dheireanach ar Mhúsaem an Chontae, i Leitir Ceannainn, Dún na nGall, ó Dé Máirt, an 17 Eanáir go dtí Déardaoin, an 30 Márta 2017.
Bíodh do dhóthain am agat chun cuairt a thabhairt agus eolas a fháil faoi mhná an Éirí Amach ag Mná 1916 – Women 1916.
Déan teagmháil leis na hionaid iad féin i gcomhair tuilleadh sonraí.