What could Brexit mean for the Irish language? An tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag Brexit nó ag imeacht na Breataine as an AE ar an nGaeilge?

2016 Teanga Bheo programme

100 years on from the Easter Rising and the Gaelic revival that informed it, shifting political and economic landscapes at home and in neighbouring countries could have real implications for minority language groups such as our own.

100 bliain ó Éirí Amach na Cásca agus ó Athbheochan na Gaeilge a bhí mar bhunús aige, d’fhéadfadh fíor-thionchar i ndáiríre a bheith ag athruithe polaitiúla agus eacnamaíocha sa bhaile agus i dtíortha atá ag síneadh linn ar ghrúpaí teangacha mionlaigh cosúil lenár dteanga féin.

Integral to the foundation of our national identity and one of the most prominent cultural catalysts for Ireland’s endeavour to independence 100 years ago, the Irish language has long been the subject of examination, discussion, and legislation. Today, perhaps more than ever, the question of how language rights are recognised around the world is of crucial importance to Irish-speaking communities. By determining priority issues for language rights campaigners at home and abroad, the future of life as Gaeilge can continue to be shaped in line with changing times.

Language Rights, Yesterday and Today is Conradh na Gaeilge’s answer to this need to self-determine - a bilingual conference organised as part of Plé 16, their international programme of commemorative Irish language seminars and debates. A two-part symposium, it invites members of the public to join visiting language and policy experts in Derry on August 20th for a day of probing talks in Cultúrlann Uí Chanáinn.

Panel and public discussions will seek to establish what, if any, impact the recent referendum on United Kingdom membership of the European Union might have on on minority languages, while a better understanding of the Irish language revival movement which led to the Easter Rising - and the means to preserve its heritage - will be sought by drawing on the lessons of the past.

Writer and philosopher Tomás Mac Síomóin will begin the day’s talks with a discussion on the role of the Irish language revival in the decolonisation process leading up to and stemming from Ireland’s revolution. A current resident of Catalonia, Mac Síomóin is deeply familiar with the cultural, political, and social issues surrounding minority language populations and has written extensively about the Irish language in relation to the Rising.

In the second half of the conference, Meri Huws, the Welsh Language Commissioner, Rónán Ó Domhnaill, the Irish Language Commissioner, Diarmaid Ua Bruadair, Principal of Gaelcholáiste Doire, and Belfast-based solicitor Michael Flanigan will discuss the current state of Irish speaking groups and institutions across Ireland, the UK and Europe.

Conradh na Gaeilge President Cóilín Ó Cearbhaill will chair the event, which speakers and attendees alike are sure to find inspiring and insightful, and which organisers hope will stimulate a wider conversation around the present and future integrity of an teanga bheo.

This event is free and open to the public. A simultaneous translation service will be available.

Learn more about this event here, or visit Conradh na Gaeilge online

 

 

Rud atá lárnach i mbunús ár bhféiniúlachta náisiúnta agus ar cheann de na gnéithe cultúrtha is suntasaí san iarracht a rinne Éire neamhspleáchas a bhaint amach 100 bliain ó shin, is fada an lá an Ghaeilge á scrúdú, á plé, agus á cumhdach i gcúrsaí reachtaíochta. Sa lá atá inniu ann, níos mó ná riamh seans, tá fíor-thábhacht leis an gcaoi a dtugtar aitheantas do chearta teanga ar fud an domhain do phobail ina labhraítear an Ghaeilge. Nuair a chinntear saincheisteanna beartais do lucht feachtais chearta teanga sa bhaile agus thar lear, is féidir leanúint le saol amach anseo as Gaeilge agus é a mhúnlú ar aon dul le hathruithe a tharlaíonn le himeachta ama.

Cearta Teanga, Inné agus Inniu freagra Chonradh na Gaeilge ar an ngá sin atá lenár gcinntí féin a dhéanamh – comhdháil dhátheangach atá á heagrú mar chuid de Plé 16, a gclár idirnáisiúnta comórtha de sheimineáir agus díospóireachtaí Gaeilge. Siompóisiam dhá-chuid, ina dtugtar cuireadh don phobal dul i dteannta saineolaithe teanga agus beartais ar cuairt i nDoire an 20 Lúnasa ar feadh lá amháin cainteanna agus plé i gCultúrlann Uí Chanáin.

Féachfar i bplé painéil agus poiblí a fháil amach cén tionchar, más ann dó, a d’fhéadfadh a bheith ag an reifreann le déanaí ar bhallraíocht na Ríochta Aontaithe san Aontas Eorpach ar theangacha mionlaigh, agus féachfar le tuiscint níos fearr a fháil ar ghluaiseacht athbheochan na Gaeilge a raibh Éirí Amach na Cásca mar thoradh air sa deireadh – agus na bealaí a úsáideadh chun a hoidhreacht a chaomhnú – agus déanfar é sin trí fhéachaint ar an méid atá foghlamtha againn ón rudaí a tharla roimhe seo.

Cuirfidh an scríbhneoir agus an fealsúnaí Tomás Mac Síomóin tús le cainteanna an lae le plé ar ról athbheochan na Gaeilge sa phróiseas díchoilínithe a bhí ag tarlú díreach roimh an réabhlóid in Éirinn agus go deimhin a d’eascair ón réabhlóid sin. Tá cónaí ar Mac Síomóin sa Chatalóin i láthair na huaire, agus is maith is eol dó na saincheisteanna cultúrtha, polaitiúla, agus sóisialta a bhaineann le daonraí teangacha mionlaigh agus is iomaí píosa atá scríofa aige faoin nGaeilge agus a ceangal leis an Éirí Amach.

Sa dara leath den chomhdháil, pléifidh Meri Huws, Coimisinéir Teanga na Breatnaise, Rónán Ó Domhnaill, Coimisinéir Teanga na Gaeilge, Diarmaid Ua Bruadair, Príomhoide Ghaelcholáiste Doire, agus an t-aturnae atá lonnaithe i mBéal Feirste, Michael Flanigan staid reatha ghrúpaí agus fhorais labhartha na Gaeilge ar fud na hÉireann, na Ríochta Aontaithe agus na hEorpa.

Beidh Uachtarán Chonradh na Gaeilge Cóilín Ó Cearbhaill ina chathaoirleach ar an ócáid, áit a bhfaighidh cainteoirí agus lucht freastail araon inspioráid agus léargas, agus tá an lucht eagraithe ag súil go spreagfaidh sé comhrá níos leithne maidir le chomh slán is atá an teanga bheo anois agus a bheidh sí amach anseo.

Tá saorchead isteach chuig an imeacht agus fáilte roimh an bpobal. Cuirfear seirbhís aistriúcháin chomhuainigh ar fáil.

Faigh tuilleadh eolais ar an imeacht seo anseo, nó téigh chuig  Conradh na Gaeilge ar líne

 

 

Stay up-to-date Fan ar an eolas


News Nuacht

Follow the latest news from the Ireland 2016 team including updates of events and programme updates.

Faigh an nuacht is déanaí ó fhoireann Éire 2016, imeachtaí nua agus athruithe ar an gclár ina measc.



Partners Comhpháirtithe

Stay up-to-date with our Partners and follow what’s on in your area, helping to commemorate Ireland 2016.

Fan ar an eolas maidir lenár gComhpháirtithe agus an méid a bheidh ar siúl i do cheantar féin chun Éire 2016 a chomóradh.