The landmark commemorative film series, which started on November 3rd and runs until November 27th, features a wealth of screen gems which reflect on the cultural conversations held between Ireland and Britain from 1916 right up to this centenary year.
Focusing on the different perspectives brought into focus by the actual period or events depicted and the historical moment in which each film was produced, this compelling series invites viewers to consider how films reveal as much about the state of Anglo-Irish relations at the time the films were viewed, as they provide direct information about the historical events portrayed.
Just some of the films programmed include:
- 1958’s She Didn’t Say No, which features many prominent Abbey Theatre actors from that era;
- 1965’s I Was Happy Here, with its Edna O’Brien-penned screenplay;
- The Irish Film Institute 1916 Centenary Ciné-Concert, complete with live musical accompaniment by Cormac de Barra, Colm Ó Snodaigh and Rossa Ó Snodaigh;
- And Jim Sheridan’s 1993 masterpiece In the Name of the Father.
The commemorative series also features Q&As and discussions with long-established and emerging Irish directors including Lenny Abrahamson, Jim Sheridan, Henrietta Norton and Aodh Ó Coileáin.
The innovative series aims to challenge the British and Irish audiences of today to reflect together on how the people of the two countries have connected, conversed and changed over the past century.
Find out more about the film series here or read the festival programme here.
When: 3rd-27th November, 2016
Where: Various London Cinemas
Tá an tsraith scannán chomórtha chinniúnach ar siúl idir an 3 Samhain agus an 27 Samhain. Tá an dúrud scannán den scoth le feiceáil ina ndéantar machnamh ar an bplé cultúrtha idir Éire agus an Bhreatain ó 1916 go dtí an lá atá inniu ann – bliain an chomórtha céad bliain.
Dírítear sa tsraith iontach ar na dearcthaí éagsúla ar tugadh suntas dóibh sa tréimhse nó sna himeachtaí ar tugadh cuntas orthu agus an pointe stairiúil inar léiríodh gach scannán. Iarrtar ar an lucht féachana machnamh a dhéanamh ar an gcaoi a dtugann scannáin léargas ar an gcaidreamh Angla-Éireannach tráth ar taispeánadh na scannáin, is a thug siad faisnéis dhíreach faoi na hócáidí stairiúla a léiríodh.
Beidh siad seo a leanas i measc na scannán ar an gclár:
- She Didn’t Say No ó 1958, ina bhfuil mórán aisteoirí mór le rá de chuid Amharclann na Mainistreach ón ré sin;
- I Was Happy Here ó 1965, arbh í Edna O’Brien a scríobh an script scannáin;
- Scannán le Ceol Beo (Ciné-Concert) le haghaidh Chomóradh Céad Bliain 1916 de chuid Institiúid Scannán na hÉireann, mar aon le tionlacan ceoil beo le Cormac de Barra, Colm Ó Snodaigh agus Rossa Ó Snodaigh;
- agus In the Name of the Father, sárshaothar Jim Sheridan ón mbliain 1993.
San áireamh sa tsraith chomórtha freisin tá Ceisteanna agus Freagraí agus plé le stiúrthóirí Éireannacha, idir stiúrthóirí seanbhunaithe agus stiúrthóirí atá ag teacht chun cinn, lena n-áirítear Lenny Abrahamson, Jim Sheridan, Henrietta Norton agus Aodh Ó Coileáin.
Tá sé mar aidhm ag an tsraith nuálach dúshlán a thabhairt do lucht féachana na linne seo sa Bhreatain agus in Éirinn chun machnamh a dhéanamh le chéile ar conas a nasc, a labhair agus a d’athraigh an dá thír le chéile le céad bliain anuas.
Faigh amach tuilleadh faoin tsraith scannán anseo nó léigh clár na féile anseo.
Cén uair: An 3-27 Samhain 2016
Cén áit: Pictiúrlanna éagsúla ar fud Londan