Ireland 100 kicks off three-week festival celebrating Ireland in America Cuireann Éire 100 tús le féile trí seachtaine ina ndéanfar ceiliúradh ar Éirinn i Meiriceá


The centrepiece of Easter Rising centenary commemorations in the United States begins May 16 for three weeks celebrating Irish arts and culture at the John F. Kennedy Center for the Performing Arts in Washington, D.C.

Cuirfear tús le féile a bheidh i gcroílár chomóradh céad bliain Éirí Amach na Cásca sna Stáit Aontaithe an 16 Bealtaine ar feadh trí seachtaine tráth a ndéanfar comóradh ar na healaíona agus ar chultúr na hÉireann in Ionad John F. Kennedy le haghaidh na dTaibhealaíon in Washington D.C.

The Kennedy Center in Washington, D.C. is a national cultural institution as well as a beloved monument to the most well-known Irish-American US President. A fitting space, then, for this three week festival, the crowning event in the United States’ commemorations for the 100th anniversary of Ireland’s Easter Rising.

The U.S. has always had a special relationship with Ireland; five of the seven signatories of the Proclamation of Independence spent time in America before 1916, and it was there that the seeds of revolution were sown. It’s also the only other country given specific mention in the Proclamation, and to this day is home to the greatest portion of our nation’s diaspora, with 33.3 million Americans claiming Irish ancestry.

With major support by David and Alice Rubinstein and the Embassy of Ireland, the John F. Kennedy Center is delighted to host Ireland 100: Celebrating a Century of Irish Arts & Culture. The festival, curated by Alicia Adams, Vice President of International Programming and Dance, will showcase the best of traditional and contemporary Ireland across the full range of the arts, and will include premium theatre, literature, music and dance. A multitude of performances will shine a light on the culture of Ireland and the country’s close ties with America and shared values of freedom, independence, and self-determination. 

Find out more about this event here , or visit the Kennedy Center online to view a full festival programme.

Is foras cultúrtha náisiúnta é Ionad Kennedy in Washington D.C. agus é mar shéadchomhartha dil don Uachtarán Gael-Mheiriceánach ba mhó aithne sna Stáit Aontaithe. Spás oiriúnach, mar sin, le haghaidh na féile trí seachtaine seo, an bhuaic-ócáid i gcomóradh na Stát Aontaithe ar chothrom céad bliain Éirí Amach na Cásca in Éirinn.

Bhí caidreamh speisialta ag na Stáit Aontaithe le hÉirinn riamh anall; chaith cúigear den seachtar a chuir a n-ainm le Forógra na Poblachta tréimhse i Meiriceá roimh 1916, agus is ann a cuireadh síolta na réabhlóide an chéad lá riamh. Is é Meiriceá freisin an t-aon thír eile a luaitear go sonrach san Fhorógra, agus go dtí an lá atá inniu ann is ann atá cónaí ar an gcion is mó de dhiaspóra na tíre seo, agus 33.3 milliún Meiriceánach ag maíomh go bhfuil mianach Éireannach iontu.

Le tacaíocht ollmhór ó David agus Alice Rubinstein agus ó Ambasáid na hÉireann, tá ríméad ar Ionad John. F. Kennedy Ireland 100: Celebrating a Century of Irish Arts & Culture a óstáil. San fhéile, á coimeád ag Alice Adams, Leas-Uachtarán an Chláir Idirnáisiúnta agus Damhsa, taispeánfar an scoth de thraidisiúin agus de shaol comhaimseartha na hÉireann thar raon iomlán na n-ealaíon, agus áireofar leis téatar, litríocht, ceol agus damhsa den chéad scoth. Tabharfaidh léiriúcháin éagsúla léargas ar chultúr na hÉireann agus ar an nasc daingean atá ag an tír le Meiriceá agus ar luachanna comónta maidir le saoirse, le neamhspleáchas, agus le féinriail. 

Foghlaim níos mó faoin imeacht seo anseo , nó tabhair cuairt ar Ionad Kennedy ar líne chun clár iomlán na féile a fheiceáil.

Stay up-to-date Fan ar an eolas


News Nuacht

Follow the latest news from the Ireland 2016 team including updates of events and programme updates.

Faigh an nuacht is déanaí ó fhoireann Éire 2016, imeachtaí nua agus athruithe ar an gclár ina measc.



Partners Comhpháirtithe

Stay up-to-date with our Partners and follow what’s on in your area, helping to commemorate Ireland 2016.

Fan ar an eolas maidir lenár gComhpháirtithe agus an méid a bheidh ar siúl i do cheantar féin chun Éire 2016 a chomóradh.