Inspiration Proclamation with Dr. Mary McAleese Inspiration Proclamation leis an Dr Máire Mhic Giolla Íosa


The final instalment of the uplifting and thought-provoking Inspiration Proclamation interview series takes place 30th of November at the National Library of Ireland with former President of Ireland Dr. Mary McAleese.

Beidh an ceann deiridh den tsraith agallamh spreagúil Inspiration Proclamation a mhúsclaíonn smaointeoireacht sa duine ar siúl an 30 Samhain ag Leabharlann Náisiúnta na hÉireann agus is í iar-Uachtarán na hÉireann an Dr Máire Mhic Giolla Íosa a bheidh sa chathaoir an uair seo.

Inspiration Proclamation is a public interview series hosted by the National Library of Ireland that asks distinguished guests as well as the viewing public to consider the significance of the 1916 Proclamation in our lives today.

In particular, it asks us to challenge our notions of the article; to assess whether Ireland’s first declaration of independence remains as relevant today as it was when written 100 years ago.

Does it still stir the soul and inspire action as it did when it was recited aloud for the first time at the front of the GPO to a surprised audience? Or has it softened into an emblem, made hazy with time, a subtle window to our collective but much detached past?

The series, which commenced on 21st September with guest speaker Archbishop Martin, has seen a number of influential visitors, including Gearóid Ó Tuathaigh, Roddy Doyle, and Edna O’Brien. Interviewed by historian, broadcaster, and Ireland: The Autobiography author Dr John Bowman, invitees have weighed in with broad-ranging and insightful views on the subject of the Proclamation’s place in our lives, stimulating heated debate and inspiring much contemplation.

With the appearance of Dr. Mary McAleese on Wednesday, 30th November, the series will draw to a poignant and expert close, rounding out this centenary year with perhaps the most important reflection of all. Join the conversation at the National Library of Ireland.

Attendance is free, but booking is essential. Max 2 tickets per order.

Learn more about Inspiration Proclamation here, or book tickets for this interview here.

When: Wednesday, 30th November, 7pm

Where: The National Library of Ireland, Dublin

Is sraith agallamh poiblí é Inspiration Proclamation atá á hóstáil ag Leabharlann Náisiúnta na hÉireann ina n-iarrtar ar aíonna mór le rá chomh maith leis an bpobal éisteachta machnamh a dhéanamh ar thábhacht Fhorógra 1916 inár saol inniu.

Iarrtar orainn go háirithe dúshlán a thabhairt do na tuairimí san alt; chun a mheas an bhfuil an chéad dearbhú neamhspleáchais a thug Éire chomh hábhartha inniu is a bhí sé nuair a scríobhadh é 100 bliain ó shin.

An ngríosaíonn sé an t-anam i gcónaí agus an spreagann sé gníomh mar a rinne nuair a léadh é os ard den chéad uair ag doirse Ard-Oifig an Phoist os comhair lucht féachana a raibh ionadh mór orthu? Nó an é nach bhfuil ann anois ach díreach comhartha suaitheantais, atá ag éirí doiléir inár gcuimhne, fuinneog chaolchúiseach chuig an saol coiteann a bhí againn roimhe seo ach a bhfuilimid scartha uaidh anois?

Labhair roinnt daoine mór le rá sa tsraith, ar cuireadh tús léi an 21 Meán Fómhair leis an aoichainteoir an tArd-Easpag Martin, agus i measc na ndaoine eile a bhí linn bhí Gearóid Ó Tuathaigh, Roddy Doyle, agus Edna O’Brien. Bhí na hagallaimh á gcur ag an staraí, an craoltóir, agus údar Ireland: The Autobiography an Dr John Bowman, agus thug an dream a fuair cuireadh labhairt léargais éagsúla maidir leis an bhForógra inár saol, rud a spreag díospóireacht theasaí agus a mhúscail mórán machnaimh.

Dé Céadaoin, an 30 Samhain, labhróidh an Dr Máire Mhic Giolla Íosa , agus leis sin tiocfaidh deireadh goinbhlasta agus paiteanta leis an tsraith, ag cur clabhsúir leis an mbliain comórtha céad bliain leis an smaointeoireacht is tábhachtaí ar fad. Bí páirteach sa chomhrá ag Leabharlann Náisiúnta na hÉireann.

Tá saorchead isteach, ach ní mór áit a chur in áirithe. 2 thicéad in aghaidh an ordaithe ar a mhéad.

Faigh tuilleadh amach faoi Inspiration Proclamation anseo, nó cuir ticéid in áirithe don agallamh seo anseo.

Cén uair: Dé Céadaoin, an 30 Samhain, 7pm

Cén áit: Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, Baile Átha Cliath

Stay up-to-date Fan ar an eolas


News Nuacht

Follow the latest news from the Ireland 2016 team including updates of events and programme updates.

Faigh an nuacht is déanaí ó fhoireann Éire 2016, imeachtaí nua agus athruithe ar an gclár ina measc.



Partners Comhpháirtithe

Stay up-to-date with our Partners and follow what’s on in your area, helping to commemorate Ireland 2016.

Fan ar an eolas maidir lenár gComhpháirtithe agus an méid a bheidh ar siúl i do cheantar féin chun Éire 2016 a chomóradh.