Journey to Dingle this December to experience Ireland’s Edge 2016, where a team of experts will be on hand at the Skellig Hotel to deliver insightful talks and encourage lively discussion on the changing face of Ireland.
Taking place amid the vibrant atmosphere of music and spectacle at the eir Other Voices Festival, this free conference invites members of the public to share in an all-important discussion about the intersection of Irish identity and prosperity.
Hear first-hand what distinguished guests from the creative and innovative sectors have to say about opportunity and progress in the digital age, with economic uncertainty and populist political movements affecting social priorities in much of the developed world. With a dedicated focus on the balanced promotion of Irish science, technology, engineering, mathematics, and the arts (STEAM), the conference, led by national and international executives from groups such as Intel and the IDA, will explore ways in which the State can fortify these industries, foster their long-term growth, and enrich Ireland’s reputation and competitive edge in the global market.
Ireland’s Edge 2016 will benefit from a two-pronged approach to its theme, first with an exploration of cultural identity for our Irish diaspora and second with a look at how the 2016 commemorations have influenced our collective concerns and perceptions of ourselves.
It will also take advantage of this unique time in Ireland’s history to look to the future of the 2016 Legacy Projects planned from 2017 to 2021.
Be part of one of Ireland’s most creative and illuminating events this weekend in Dingle.
Learn more about Ireland’s Edge here, or visit Other Voices online.
When: Friday, 2nd December and Saturday, 3rd December 2016
Where: Skellig Hotel, Dingle
Téigh chuig an Daingean i mí na Nollag le haghaidh Chomhdháil ‘Edge’ na hÉireann 2016, áit a mbeidh foireann saineolaithe ar fáil in Óstán na Sceilge chun cainteanna géarchúiseacha a thabhairt agus plé bríomhar a spreagadh faoi íomhá athraithe na hÉireann.
Sa chomhdháil seo, atá saor in aisce agus a bheidh ar siúl i dtimpeallacht bhríomhar ceoil agus taispeántais ag a bhFéile Other Voices, tugtar cuireadh do bhaill den phobal páirt a ghlacadh i bplé fíorthábhachtach faoin méid a bhíonn i bpáirt ag féiniúlacht agus rath na hÉireann.
Cloisfidh tú go pearsanta an méid atá le rá ag aíonna mór le rá ó na hearnálacha cruthaitheacha agus nuálacha faoi dheiseanna agus dhul chun cinn sa ré dhigiteach, agus éiginnteacht eacnamaíochta agus gluaiseachtaí polaitíochta pobalacha ag dul i bhfeidhm ar thosaíochtaí sóisialta i go leor áiteanna sa domhan forbartha. Agus béim speisialta aici ar chur chun cinn cothrom eolaíocht, theicneolaíocht, innealtóireacht, matamaitic agus ealaíona (STEAM) na hÉireann, breathnófar sa chomhdháil, a bheidh faoi stiúir feidhmeannach náisiúnta agus idirnáisiúnta ó ghrúpaí ar nós Intel agus an IDA, breathnófar ar bhealaí inar féidir leis an Stát na tionscail sin a dhaingniú, a bhfás fadtéarmach a chothú, agus cur le clú agus cáil agus buntáiste iomaíoch na hÉireann sa mhargadh domhanda.
Bainfidh Comhdháil ‘Edge’ na hÉireann 2016 leas as cur chuige déthaobhach; ar an gcéad dul síos scrúdófar féiniúlacht chultúrtha dár ndiaspóra Éireannach agus ina dhiaidh sin breathnófar ar an gcaoi a ndeachaigh comóradh 2016 i bhfeidhm ar ár gcuid ábhar imní coitianta agus ar ár dtuiscint orainn féin.
Freisin tapófar an deis sa tréimhse uathúil seo i stair na hÉireann chun féachaint ar thodhchaí Thionscadail Oidhreachta 2016 atá beartaithe ó 2017 go 2021.
Glac páirt i gceann de na himeachtaí is cruthaithí in Éirinn, imeacht lán léargais, an deireadh seachtaine seo sa Daingean.
Faigh tuilleadh eolais faoi Chomhdháil ‘Edge’ na hÉireann anseo, nó tabhair cuairt ar Other Voices ar líne.
Cén uair: Dé hAoine, an 2 Nollaig agus Dé Sathairn, an 3 Nollaig 2016
Cén áit: Óstán na Sceilge, an Daingean