Creative Ireland, the centenary’s legacy initiative, is launched Tionscnamh ‘Éire Chruthaitheach’, tionscnamh oidhreachta an chomórtha, á sheoladh

Still from film Brooklyn

Throughout this momentous centenary year we have commemorated the events that led to the foundation of our State and rediscovered the power of cultural creativity in bringing communities together and in strengthening our collective sense of identity. Drawing on the nation’s rich cultural heritage and the strength and reputation of our artists, Ireland 2016’s legacy project - Creative Ireland - extends an invitation to the entire country to get involved in something truly inspirational.

I rith na bliana móire comórtha seo, tá comóradh déanta againn ar na himeachtaí ba chúis le bunú an Stáit agus chuir muid eolas an athuair ar chumhacht na cruthaitheachta cultúrtha chun pobail a thabhairt le chéile agus chun ár mbraistint choiteann féiniúlachta a neartú. Ag tarraingt ar oidhreacht chultúrtha shaibhir an náisiúin agus ar neart agus ar cháil ár n-ealaíontóirí, tugtar cuireadh faoi Éire Chruthaitheach – tionscnamh oidhreachta de chuid ‘Éire 2016’ – don tír ar fad a bheith páirteach i rud an-spreagthach ar fad.

Launched today by An Taoiseach, Enda Kenny TD, Minister for Arts, Heritage, Regional Rural and Gaeltacht Affairs, Ms Heather Humphreys TD and Minister for Public Expenditure and Reform, Paschal Donohoe TD at the National Gallery of Ireland, the Creative Ireland Programme is a collaboration – between central and local government, between culture and industry, between artists and policy makers – to facilitate a thriving ecosystem of creativity.

This exciting and ambitious undertaking is inspired by the extraordinary public response to the Centenary: the thousands of events, largely culture-based, and unprecedented public participation that brought us together in shared reflections on identity, culture and citizenship that combined history with arts, heritage and language.

This five-year plan, from 2017 to 2022, encompasses five distinct pillars:

1) Enabling the Creative Potential of Every Child
2) Enabling Creativity in Every Community
3) Investing in our Creative and Cultural Infrastructure
4) Ireland as a Centre of Excellence in Media Production
5) Unifying our Global Reputation

Creative Ireland’s aim is to mainstream creativity in the life of the nation so that individually and collectively, in our personal lives and in our institutions, we can realise our full creative potential.

Putting into action the priorities identified in Culture 2025/Éire Ildánach, the draft cultural policy published by the Minister for Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs in July 2016, Creative Ireland will foster a vibrant cultural ecosystem that will enrich the lives of generations to come.

Find out more about Creative Ireland here.

Ba iad an Taoiseach, Enda Kenny TD, an tAire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta, Heather Humphreys TD, agus an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, Paschal Donohoe TD  a sheol an clár inniu i nGailearaí Náisiúnta na hÉireann. Comhoibriú atá i gClár Éire Chruthaitheach idir an rialtas láir agus áitiúil, idir lucht an chultúir agus lucht an tionscail, idir ealaíontóirí agus lucht déanta beartas, chun freastal ar éiceachóras cruthaitheachta a bhfuil borradh faoi.

Is í freagairt ollmhór an phobail ar an gComóradh Céad Bliain a spreag an tionscnamh spreagúil uaillmhianach seo: na mílte imeacht (bunaithe ar an gcultúr den chuid ba mhó) agus rannpháirtíocht an phobail nach bhfacthas riamh cheana a thug le chéile muid i machnaimh chomhroinnte ar an bhféiniúlacht, ar an gcultúr agus ar an tsaoránacht inar nascadh an stair leis na healaíona, leis an oidhreacht agus leis an teanga.

Cúig cholún ar leith atá sa phlean cúig bliana seo don tréimhse 2017-2022:

1) Acmhainneacht chruthaitheach gach linbh a chumasú
2) An chruthaitheacht a chumasú i ngach aon phobal
3) Infheistíocht inár mbonneagar cruthaitheach agus cultúrtha
4) Éire mar ionad barr feabhais sa léiriú meán
5) Ár gcáil dhomhanda a aontú

Is é is aidhm le ‘Éire Chruthaitheach’ an chruthaitheacht a chur ag croílár an náisiúin chun gur féidir linne, mar dhaoine aonair agus inár n-institiúidí, ár n-acmhainneacht chruthaitheach iomlán a bhaint amach.

Trí na tosaíochtaí a aithníodh in Cultúr 2025/Éire Ildánach, an dréachtbheartas cultúir atá foilsithe ag an Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta in Iúil 2016, a chur i ngníomh, cothóidh Éire Chruthaitheach éiceachóras cultúrtha beoga lena saibhreofar saol na nglún atá le teacht.

Tá tuilleadh eolais ar Éire Chruthaitheach le fáil anseo.

Stay up-to-date Fan ar an eolas


News Nuacht

Follow the latest news from the Ireland 2016 team including updates of events and programme updates.

Faigh an nuacht is déanaí ó fhoireann Éire 2016, imeachtaí nua agus athruithe ar an gclár ina measc.



Partners Comhpháirtithe

Stay up-to-date with our Partners and follow what’s on in your area, helping to commemorate Ireland 2016.

Fan ar an eolas maidir lenár gComhpháirtithe agus an méid a bheidh ar siúl i do cheantar féin chun Éire 2016 a chomóradh.