'Aisling?' - a cultural exploration of the Gaeltacht's post 1916 heritage ‘Aisling?’ – iniúchadh cultúrtha ar oidhreacht na Gaeltachta tar éis 1916


With an extraordinary cast of artists, writers, actors and musicians, see our Gaeltacht regions’ stories in the years following the Rising explored with a site-specific event entitled ‘Aisling?’.

A bhuíochas le sárfhoireann ealaíontóirí, scríbhneoirí, aisteoirí agus ceoltóirí, féadtar féachaint ar scéalta na Gaeltachta sna blianta tar éis an Éirí Amach in imeacht suíomhoiriúnaithe dar teideal ‘Aisling?’.

Curated and directed by Irish actor/director/writer Darach Mac Con Iomaire, this specially commissioned cultural event will showcase the best of Gaeltacht artists – musicians, poets, writers, visual artists and composers - performing new works in celebration of how pivotal these regions were in shaping the revolutionaries’ vision for an independent Ireland.

Consciously eschewing the standard format of a staged concert, Aisling? will invite Gaeltacht communities to reconnect with the uniqueness of their localities and culture by witnessing and partaking in this imaginative multimedia cultural call-to-arms.

These contemporary stagings will take place in site-specific, non-traditional performance spaces. The audience will face each other on both sides of the performance space as they witness their story being told metaphorically through music, poetry and movement theatre, complimented by meticulous lighting design and compelling graphics and projections.

With the aim to re-connect the audience with their sense of place, pride, community and language, a binding force in each Gaeltacht community nationally, Aisling? will also provide a unique perspective on what it is to be a native Irish speaker in Ireland today.

Taking place between November 26th and December 10th 2016, Aisling? will tour locations across counties Cork, Donegal, Kerry and Galway, with the event’s world premiere featuring the following stellar cast:

  • Mairéad Ní Mhaonaigh, Dún na nGall, Singer/Fiddle
  • Seán Ó Flaithearta, Inis Mór, Visual Artist/Designer
  • Pól Ó Ceannabháin, Conamara, Singer/Percussion
  • Méabh Ní Bheaglaíoch, Corca Dhuibhne, Melodeon/Singer
  • Ciarán Ó Maonaigh, Dún na nGall, Fiddle/Performer
  • Johnny Óg Connolly, Conamara, Melodeon/Composer
  • Úna Ní Fhlatharta, Conamara, Actor/Performer
  • Caoimhín Ó Fearghail, An Rinn, Piper/Flautist/Bouzouki
  • Eoghan Mac Giolla Bhríde, Dún na nGall, Writer/Performer
  • Róisín Seoighe, Conamara, Singer/Dancer
  • Seán Cathal Ó Coileáin, Dún na nGall, Graphic Art/Projections

Find out more about this innovative event here.

Arna choimeád agus arna stiúradh ag an aisteoir/stiúrthóir/scríbhneoir Éireannach, Darach Mac Con Iomaire, cuirfidh an t-imeacht cultúrtha seo, atá coimisiúnaithe go speisialta, scoth na n-ealaíontóirí Gaeltachta – idir cheoltóirí, fhilí, scríbhneoirí, amharc-ealaíontóirí agus chumadóirí – os comhair an phobail agus iad ag taibhiú saothar nua chun ceiliúradh a dhéanamh ar a thábhachtaí a bhí na réigiúin sin i bhfís na réabhlóidithe d’Éirinn neamhspleách.

Fantar glan d’aon turas ar ghnáth-leagan amach ceolchoirme ar stáitse, agus tabharfaidh Aisling? cuireadh do phobail na Gaeltachta nascadh in athuair le sainiúlacht a n-áiteanna agus a gcultúir trí bheith ag féachaint agus trí bheith rannpháirteach san imeacht cultúrtha ilmheán samhlaíoch seo.

Beidh na léirithe comhaimseartha seo ar siúl i spásanna taibhithe suíomhoiriúnaithe nach bhfuil traidisiúnta. Tiocfaidh an lucht féachana ar aghaidh a chéile ar dhá thaobh an spáis taibhithe agus iad ag féachaint ar insint mheafarach a scéil trí cheol, filíocht agus amharclannaíocht gluaiseachta, agus cuirtear leis an scléip ar fad trí dhearadh críochnúil soilse agus grafaicí agus teilgin iontacha.

Is é an smaoineamh atá leis an taibhiú Aisling? ná an lucht féachana a cheangal arís lena n-áit, lena mórtas, lena bpobal agus lena dteanga – nithe a cheanglaíonn gach pobal Gaeltachta go náisiúnta. Chomh maith leis sin, tabharfaidh sé léargas ar leith ar an gcainteoir dúchais Gaeilge in Éirinn sa lá atá inniu ann.

Idir an 26 Samhain agus an 10 Nollaig 2016 a bheidh Aisling? ar siúl i gCorcaigh, Dún na nGall, Ciarraí agus Gaillimh. Beidh an tsárfhoireann ealaíontóirí seo a leanas le feiceáil i gcéadtaibhiú an imeachta:

  • Mairéad Ní Mhaonaigh, Dún na nGall, Amhránaí/Fidil
  • Seán Ó Flaithearta, Inis Mór, Amharc-ealaíontóir/Dearthóir
  • Pól Ó Ceannabháin, Conamara, Amhránaí/Cnaguirlisí
  • Méabh Ní Bheaglaíoch, Corca Dhuibhne, Mileoidean/Amhránaí
  • Ciarán Ó Maonaigh, Dún na nGall, Fidil/Taibheoir
  • Johnny Óg Connolly, Conamara, Mileoidean/Cumadóir
  • Úna Ní Fhlatharta, Conamara, Aisteoir/Taibheoir
  • Caoimhín Ó Fearghail, an Rinn, Píobaire/Fliúiteadóir/Basúcaí
  • Eoghan Mac Giolla Bhríde, Dún na nGall, Scríbhneoir/Taibheoir
  • Róisín Seoighe, Conamara, Amhránaí/Damhsóir
  • Seán Cathal Ó Coileáin, Dún na nGall, Ealaín Ghrafach/Teilgin

Faigh amach tuilleadh faoin imeacht nuálach seo anseo.

Stay up-to-date Fan ar an eolas


News Nuacht

Follow the latest news from the Ireland 2016 team including updates of events and programme updates.

Faigh an nuacht is déanaí ó fhoireann Éire 2016, imeachtaí nua agus athruithe ar an gclár ina measc.



Partners Comhpháirtithe

Stay up-to-date with our Partners and follow what’s on in your area, helping to commemorate Ireland 2016.

Fan ar an eolas maidir lenár gComhpháirtithe agus an méid a bheidh ar siúl i do cheantar féin chun Éire 2016 a chomóradh.