May 8th: Éamonn Ceannt, Michael Mallin, Seán Heuston, Con Colbert An 8 Bealtaine: Éamonn Ceannt, Mícheál Ó Mulláin, Seán Heuston, Conchur Ó Colbaird


On May 8th 1916, Éamonn Ceannt, Michael Mallin, Seán Heuston and Con Colbert were executed at Kilmainham Gaol for their roles in the Rising.

Cuireadh Éamonn Ceannt, Mícheál Ó Mulláin, Seán Heuston agus Conchur Ó Colbaird chun báis i bPríosún Chill Mhaighneann ar an 8 Bealtaine 1916 mar gheall ar an ról a bhí acu san Éirí Amach.


Éamonn Ceannt

Éamonn Ceannt

Irish Proclamation signatory Éamonn Ceannt

Born in Galway in 1881, prior to the Rising Ceannt was an employee of the Dublin Corporation. He was a co-founder of the Irish Volunteers, partaking in the successful Howth gun-running operation of 1914. His involvement in republican activities was complemented by his interest in Irish culture, specifically Irish language and history, although he was also an accomplished uilleann piper. As the commander of the Fourth Battalion of Irish Volunteers during the Rising, he took possession of the South Dublin Union, precursor to the modern-day St. James’s Hospital.

He was executed on 8 May 1916.

I nGaillimh a rugadh Éamonn Ceannt in 1881. Roimh an Éirí Amach bhí sé fostaithe ag Bardas Bhaile Átha Cliath. Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí na nÓglach agus bhí sé ar dhuine den dream a thug na gunnaí isteach i mBinn Éadair in 1914. Chomh maith le bheith páirteach i ngníomhaíochtaí poblachtánacha bhí spéis aige freisin i gcultúr na hÉireann, go háirithe an Ghaeilge agus stair na hÉireann. Bhí sé ábalta freisin ar na píopaí uilleann. Ba é an ceannfort é ar Cheathrú Cathlán na nÓglach le linn an Éirí Amach, ghabh sé an South Dublin Union, an áit a bhfuil Ospidéal Naomh Séamas anois.

Cuireadh chun báis é 8 Bealtaine 1916.


Michael Mallin

Mícheál Ó Mulláin

Michael Mallin

A silk weaver by trade, Mallin was born in Dublin in 1874. Along with Countess Markievicz, he commanded a small contingent of the Irish Citizen Army, of which he was Chief of Staff, taking possession of St. Stephen’s Green and the Royal College of Surgeons. He was executed on 8 May 1916.

The only surviving son of an executed leader, Fr Joseph Mallin was two and a half when his father died and knows the letter he penned on the eve of his execution by heart. See more in this video.

Video courtesy of RTÉ.

Fíodóir síoda a bhí i Mallin. I mBaile Átha Cliath a rugadh é in 1874. Bhí sé i dteannta an Chuntaois Markievicz i gceannas buíon beag den Arm Cathartha a raibh sé mar Cheann Foirne orthu nuair a thóg siad Faiche Stiabhna agus Coláiste na Máinlia. Cuireadh chun báis é 8 Bealtaine 1916.

Is é an tAthair Seosamh Ó Mulláin an t-aon duine de mhic na gceannairí a mhaireann. Bhí sé dhá bhliain go leith d’aois nuair a fuair a athair bás, agus tá an litir a scríobh sé an oíche sular cuireadh chun báis é ar eolas aige de ghlanmheabhair. Tuilleadh le feiceáil san fhíseán seo.

Físeán a bhuíochas le RTÉ.


Seán Heuston

Seán Heuston

Born in 1891, he was responsible for the organisation of Fianna Éireann in Limerick. Along with Con Colbert, Heuston was involved in the education of the schoolboys at Scoil Éanna, organising drill and musketry exercises. A section of the First Battalion of the Volunteers, under the leadership of Heuston, occupied the Mendicity Institute on south of the Liffey, holding out there for two days.

He was executed on 8 May 1916. Heuston Railway station in Dublin is named after him.

In 1891 a rugadh é agus is air a bhí eagrú Fhianna Éireann i Luimneach. Bhí Heuston i dteannta Con Colbert páirteach in oideachas na mbuachaillí i Scoil Éanna agus d’eagraigh siad druileáil agus cleachtadh le muscaedaíocht. Thóg cuid den Chéad Chathlán faoi cheannas Heuston an Mendicity Institute ar an taobh ó dheas den Life agus sheas siad an fód ansin go ceann dhá lá.

Cuireadh chun báis é an 8 Bealtaine 1916. Is ina dhiaidh atá stáisiún Heuston i mBaile Átha Cliath ainmnithe.


Con Colbert

Conchur Ó Colbaird

Born in 1888, Colbert was a native of Limerick. Prior to the Easter Rising he had been an active member of the republican movement, joining both Fianna Éireann and the Irish Volunteers. A dedicated pioneer, Colbert was known not to drink or smoke. As the captain of F Company of the Fourth Battalion, Colbert was in command at the Marrowbone Lane distillery when it was surrendered on Sunday, 30 April 1916.

His execution took place on 8 May 1916.

I Luimneach a rugadh Colbert in 1888. Roimh an Éirí Amach bhí sé gníomhach i ngluaiseacht na poblachta, bhí sé i bhFianna Éireann agus sna hÓglaigh. Níor chaith sé agus níor ól sé. Ba é an captaen é ar Chomhplacht F an Ceathrú Cathlán agus ba é a bhí i gceannas ag drioglann Lána Marrowbone nuair a ghéill siad an Domhnach 30 Aibreán 1916.

Cuireadh chun báis é 8 Bealtaine 1916.

Find out more about the 1916 executions and their commemorations, here.

Foghlaim tuilleadh faoi chur chun báis na gceannairí i 1916 agus faoin gcomóradh a dhéanfar orthu, anseo.

Stay up-to-date Fan ar an eolas


News Nuacht

Follow the latest news from the Ireland 2016 team including updates of events and programme updates.

Faigh an nuacht is déanaí ó fhoireann Éire 2016, imeachtaí nua agus athruithe ar an gclár ina measc.



Partners Comhpháirtithe

Stay up-to-date with our Partners and follow what’s on in your area, helping to commemorate Ireland 2016.

Fan ar an eolas maidir lenár gComhpháirtithe agus an méid a bheidh ar siúl i do cheantar féin chun Éire 2016 a chomóradh.