Louth


Easter 1916 is the time chosen to commemorate the birth of our sovereign nation. It is important that we, as citizens of County Louth, come together to celebrate and have pride in Ireland’s independence and honour those who gave their lives so that the dream of self-determination could become a reality. It is important that we do this in a way that is respectful and inclusive.

Is í an Cháisc 1916 an tráth a roghnaíodh chun breith ár náisiúin cheannasaigh a cheiliúradh. Tá sé tábhachtach go dtagaimid, saoránaigh Chontae Lú, le chéile chun neamhspleáchas na hÉireann a cheiliúradh agus bheith bródúil as agus chun onóir a léiriú dóibh siúd a fuair bás go mbainfí amach an aisling féindaingne sin. Is tábhachtach go ndéanaimid seo ar bhealach a léiríonn meas agus atá cuimsitheach.

In 2016, we will celebrate the beginnings of independence, conscious of the contribution over previous decades of the Irish Parliamentary Party tradition, the Land League, the Gaelic League and many others who influenced the development of modern Ireland. We will honour the courage, dignity and ideals that characterised the events and people of 1916 and we will also remember and reflect on the full richness of our history, and the diversity of people and events that are part of what we are today.

Louth County Council is coordinating events to mark the Centenary of 1916 in Louth. Louth 2016 Centenary Programme will be a year-long celebration of commemorations, events, activities for all the people of Louth, organised by the people of Louth.

It is a once-in-a-lifetime invitation to people of all ages, at home and overseas, to shape, and then to actively engage in, a diverse range of historical, cultural and artistic activities, all designed to facilitate reflection, commemoration, celebration, debate and analysis of our future.

Louth Consultative Committee

Louth County Council engaged with the local community and set up a consultative committee, made up of representatives from across all stakeholder sectors which can be added to if necessary over the coming months. The committee includes local Councillors, the Chief Executive, council staff, historical groups, the Defence Forces, music groups, local museums, artists, Comhairle na nÓg, Dundalk Institute of Technology, tourism and heritage groups.

Public Consultation

To facilitate active public participation and engagement in the development of the Louth Centenary Programme, the Consultative committee met on a number of occasions, where positive engagement and open discussion were facilitated.

A public notice inviting written submissions for consideration in the drafting of the Centenary Programme was advertised. Thirty-two submissions were received.

Three public consultation meetings were held in County Louth in June 2015 at Dundalk, Drogheda and Ardee Libraries. Great interest and enthusiasm was shown by those in attendance, with representatives from resident committees, sports groups, historical societies, schools, drama enthusiasts, the arts, music groups, local defence forces, museums, archives and libraries and elected representatives. Ideas were shared, opinions sought, help requested and offered.

People representing the towns and villages of County Louth will play a significant role in leading Louth in its commemorative celebrations. Some great stories and memories came out of the public meetings with people talking about relatives who marched from Louth in the lead up to Easter 1916. A common appeal for historical accuracy in all events and accounts from the period was requested. Louth’s connection and proximity to the border was highlighted, and the need to incorporate our neighbours and friends across the border into all events. The opportunity for the young people of the county to take part in and be aware of events was also stressed. As mentioned at one of the meetings, the community in Louth must act as ‘force multipliers’ to spread the word and encourage everyone to take part in this cultural and historical commemoration.

Read more

In 2016, ceiliúrfaimid tús an neamhspleáchais, agus aird ar rannchuidiú Chonradh na Talún, Chonradh na Gaeilge agus go leor eile a d’imir tionchar ar fhorbairt Éire na nua-aoise i gcaitheamh thréimhsí fada thraidisiún Pháirtí Parlaiminteach na hÉireann. Léireoimid onóir don mhisneach, an dínit agus na hidéil a bhí mar shaintréithe d’imeachtaí agus de lucht 1916 agus, anuas air sin, cuimhneoimid agus déanfaidh machnamh ar shaibhre ár staire, agus ar éagsúlacht na ndaoine agus na n-imeachtaí a chruthaigh an tír a bhfuilimid mar chuid de inniu.

Tá imeachtaí á gcomhordú ag Comhairle Contae Lú chun Comóradh Céad Bliain 1916 a cheiliúradh i Lú. Ceiliúradh comórtha, imeachtaí agus gníomhaíochtaí do gach duine de mhuintir Lú a mhairfidh bliain a bheidh i gClár Comórtha Céad Bliain 2016 Lú, atá eagraithe ag muintir Lú.

Cuireadh atá ann nach dtabharfar ach uair amháin ar an saol do dhaoine de gach aois, sa bhaile agus thar lear, chun réimse fairsing gníomhaíochtaí stairiúla, cultúrtha agus ealaíonta a mhúnlú agus chun páirt ghníomhach a ghlacadh iontu ina dhiaidh sin, agus gach gníomhaíocht in ainm is machnamh, comóradh, ceiliúradh, díospóireacht agus anailís a dhéanamh ar ár dtodhchaí a éascú.

Coiste Comhairliúcháin Lú

Chuaigh Comhairle Contae Lú i gcomhairle leis an bpobal áitiúil agus shocraigh siad coiste comhairliúcháin, ina bhfuil ionadaithe ó gach earnáil pháirtithe leasmhara, ar féidir cur leo más gá i gcaitheamh na míonna amach romhainn. Áirítear leis an gcoiste Comhairleoirí áitiúla, an Príomhfheidhmeannach, foireann na comhairle, grúpaí stairiúla, na Fórsaí Cosanta, grúpaí ceoil, músaeim áitiúla, ealaíontóirí, Comhairle na nÓg, Institiúid Teicneolaíochta Dhún Dealgan, grúpaí turasóireachta agus oidhreachta.

Comhairliúchán Poiblí

Chun rannpháirtíocht agus páirtíocht ghníomhach phoiblí a éascú i bhforbairt Chlár Comórtha Céad Bliain Lú, tháinig an Coiste Comhairliúcháin le chéile líon uaireanta, agus rinneadh rannpháirtíocht dhearfach agus plé oscailte a éascú.

Fógraíodh fógra poiblí ag lorg aighneachtaí scríofa lena gcur faoi bhráid agus an Clár Comórtha Céad Bliain á dhréachtú. Fuarthas dhá aighneacht is tríocha.

Bhí trí chruinniú comhairliúcháin phoiblí ar siúl i gContae Lú i Meitheamh 2015 ag Leabharlanna Dhún Dealgan, Dhroichead Átha agus Bhaile Átha Fhirdhia. Léirigh na daoine a d’fhreastail ollsuim agus olldíocas, agus ina measc, bhí ionadaithe ó choistí cónaithe, grúpaí spóirt, cumainn staire, scoileanna, daoine ar spéis leo dráma, na healaíona, grúpaí ceoil, na fórsaí cosanta áitiúla, músaeim, cartlanna agus leabharlanna agus ionadaithe tofa. Rinneadh smaointe a roinnt, tuairimí a lorg, cabhair a iarraidh agus a thairiscint.

Beidh ról tábhachtach acu siúd a dhéanann ionadaíocht do bhailte agus sráidbhailte Chontae Lú i dtaobh ceiliúradh comórtha Lú a stiúradh. D’eascair roinnt scéalta agus cuimhní iontacha as na cruinnithe poiblí ina raibh daoine ag caint faoi ghaolta a mháirseáil ó Lú sa tréimhse ag druidim le Cáisc 1916. Rinneadh iarratas coiteann sainráite ar chruinneas stairiúil i ngach imeacht agus i ngach cuntas ón tréimhse. Leagadh an bhéim ar ghaireacht Lú leis an teorainn agus an ceangal atá leis an teorainn, mar aon leis an ngá lenár gcomharsana agus ár gcairde trasna na teorann a chuimsiú i ngach imeacht. Ina theannta sin, leagadh béim ar an deis atá ag daoine óga an chontae páirt a ghlacadh sna himeachtaí agus a bheith curtha ar an eolas fúthu. Faoi mar a luadh ag ceann de na cruinnithe, ní mór don phobal i Lú gníomhú mar ‘iolraitheoirí fórsa’ chun an focal a scaipeadh agus chun gach duine a spreagadh le páirt a ghlacadh sa chomóradh cultúrtha agus stairiúil seo.

Níos mó

Stay up-to-date Fan ar an eolas


News Nuacht

Follow the latest news from the Ireland 2016 team including updates of events and programme updates.

Faigh an nuacht is déanaí ó fhoireann Éire 2016, imeachtaí nua agus athruithe ar an gclár ina measc.



Partners Comhpháirtithe

Stay up-to-date with our Partners and follow what’s on in your area, helping to commemorate Ireland 2016.

Fan ar an eolas maidir lenár gComhpháirtithe agus an méid a bheidh ar siúl i do cheantar féin chun Éire 2016 a chomóradh.