The revolution is back! Ravelóid sa chathair will be held in various locations around Dublin from June 9-11, 2016, and everyone is welcome to attend the festival’s Irish language events, whether you’re a fluent Gaeilgeoir or only have the cúpla focal.
The festival kicks off with GaelGáirí, a comedy show in Club Conradh na Gaeilge at 9.00pm on Thursday, June 9, 2016. Amongst the performers will be Martin Angolo, Danny O’Brien, Ger Staunton and Raidió Ráiméis; a fun night is in store as they try and make their audience laugh through Irish.
The entertainment through Irish continues with concerts from the likes of The Bonnymen, Rís, Mundy, members of Kíla and Seo Linn in the Sugar Club on Friday night, and although there are no tickets left, you can sign up to the waiting list for Ravelóid sa Chathair here.
The focus will be on families on Saturday, June 11, 2016, with an Irish Brunch at midday in TGI Fridays on Stephen's Green, a history walk on the Green itself at 1.30pm and a treasure hunt throughout the city centre at 2.45pm. The last two events will commence at the Royal College of Surgeons and the fun will continue with a music session across the road in Stephen’s Green at 3.45pm.
Various workshops have also been organised for Saturday afternoon by the main office of Conradh na Gaeilge at 6 Harcourt Street, for example, yoga through Irish with Óga Yóga at 1.00pm, an information session about the initiate 5 nóiméad ar son na Gaeilge at 2.00pm, and Cleasanna don Ghnáthdhuine, a workshop on digital communications with the team from PEIG and Tomaí Ó Conghaile, the editor of *Nós, at 3.00pm.
Down in the basement, Má’s Féidir will be kicking off the music in Club Conradh na Gaeilge at 2.00pm. Following them will be Oski Bravo, Na Taoisigh, Soats Colombo, Dysania, Tebi Rex and Sive along with the solo performers Doiminic Mac Giolla Bhríde, Lauren Ní Chasaide, Emma Ní Fhíoruisce, Enda Reilly and Eve Belle, which will carry on for the rest of the afternoon. There will be pizza and drinks available in the beer garden and from the two bars in the club, a top-secret band will be bringing this special night to a close at 11.00pm.
Each of the events taking place as a part of Ravelóid sa Chathair are completely free, but there are limited spaces available, so the organisers recommend arriving early to the events to avoid disappointment.
Information is available at Raveloid online.
Tá an Ravelóid ar ais! Reáchtálfar Ravelóid sa Chathair in ionaid éagsúla ar fud Bhaile Átha Cliath ó 9 – 11 Meitheamh 2016, agus feartar fáilte roimh phobal uile na cathrach freastal ar imeachtaí Gaeilge na féile, is cuma más Gaeilgeoir líofa tú nó mura bhfuil agat ach cúpla focal.
Ag tosú leis an gclub grinn GaelGáirí i gClub Chonradh na Gaeilge ar 9.00in Déardaoin, 9 Meitheamh 2016. Beidh Martin Angolo, Danny O’Brien, Ger Staunton agus Raidió Ráiméis i measc na bhfuirseoirí ar an stáitse a chuirfidh tús spraíúil leis an bhféile Ravelóid sa Chathair agus iad ag iarraidh an lucht freastail a chur ag gáire trí Ghaeilge.
Leanfar leis an siamsaíocht trí mheán na Gaeilge le ceolchoirm le leithéidí The Bonnymen, Rís, Mundy, baill de Kíla agus Seo Linn sa Sugar Club oíche Aoine agus cé nach bhfuil ticéad ar bith fágtha don imeacht seo, is féidir ainmneacha a chur le liosta feithimh Ravelóid sa Chathair anseo.
Beidh béim ar theaghlaigh Dé Sathairn, 11 Meitheamh 2016, áit go mbeidh Brunch Le Gaeilge ar siúl sa bhialann TGI Fridays ar Fhaiche Stiabhna ag meánlae, turas staire ar an bhFaiche féin ar 1.30in agus tóraíocht taisce ar fud lár na cathrach ar 2.45in. Tosóidh an dá imeacht deiridh Coláiste Ríoga na Máinleá in Éirinn (RCSI) agus leanfaidh an spraoi le seisiún ceoil trasna an bhóthair i bhFaiche Stiabhna ar 3.45in.
Beidh ceardlanna éagsúla á reáchtáil ag Ard-Oifig Chonradh na Gaeilge ag Uimhir 6 Sráid Fhearchair tráthnóna Shathairn freisin, áit go mbeidh ióga trí Ghaeilge ar siúl ag Óga Yóga ar 1.00in, seisiún eolais ar 5 Nóiméad ar son na Gaeilge ar 2.00in, agus ceardlann faoin gcumarsáid dhigiteach dar teideal Cleasanna don Ghnáthdhuine le foireann PEIG agus Tomaí Ó Conghaile, eagarthóir na hirise *Nós, ar 3.00in.
Thíos san íoslach, cuirfidh Má’s Féidir tús leis an gceol i gClub Chonradh na Gaeilge ar 2.00in agus seinnfidh bannaí amhlaidh Oski Bravo, Na Taoisigh, Spats Colombo, Dysania, Tebi Rex agus Sive chomh maith leis na hamhránaithe Doiminic Mac Giolla Bhríde, Lauren Ní Chasaide, Emma Ní Fhíoruisce, Enda Reilly agus Eve Belle don tráthnóna ar fad. Beidh pizza agus deochanna ar fáil don ghairdín beorach ó dhá bheár sa Chlub, cuirfidh banna rúnda speisialta críoch leis an gcoirm leithleach seo ar 11.00in.
Níl aon chostas ar aon cheann de na himeachtaí a bheidh ar siúl mar chuid den Ravelóid sa Chathair, ach beidh spás teoranta, mar sin tá lucht eagraithe na féile ag moladh do dhaoine a bheith sna hionaid éagsúla go luath agus tá gach eolas ar fáil ó www.raveloid.ie.