Events Imeachtaí

Music Network 30th Anniversary Concert: Avoca | A Celtic Journey Ceolchoirm Chomórtha 30 Bliain de chuid Music Network: Avoca: A Celtic Journey

  • Start / Tús:
  • 20.11.16
  • Great Hall, Royal Hospital Kilmainham, Dublin 8
  • An Halla Mór, an tOspidéal Ríoga, Cill Mhaighneann, Baile Átha Cliath 8
  • Event webpage
  • / Leathanach gréasáin imeachtaí

The premiere of a Music Network-commissioned work for large-scale harp ensemble, Avoca: A Celtic Journey, by the celebrated Irish composer Philip Martin.

An chéad taibhiú de shaothar arna choimisiúnú ag Music Network do ensemble cruiteanna mórscála, Avoca: A Celtic Journey, leis an gcumadóir Éireannach clúiteach, Philip Martin.

Music Network is delighted to present the premiere of a newly commissioned work for large-scale harp ensemble by the celebrated Irish composer Philip Martin to be performed on Sunday 20th November, 5.30pm in the Great Hall, Royal Hospital Kilmainham, Dublin 8.

Former principal conductor of the RTÉ Concert Orchestra David Brophy will conduct a large scale harp ensemble including Laoise Kelly, Anne-Marie O'Farrell, Gráinne Hambly, Dearbhail Finnegan, Tríona Marshall, Deirdre Granville, Fiona Gryson, Áine Ní Dhubhgaill, Claire O' Donnell, Eilís Lavelle and 40-50 professional and non-professional harpers.

The ensemble will be completed with traditional singer Liam O’Maonlai, Aoife Nic Athlaoich (cello) and Cuan Ó Seiradáin and Jacqueline McCarthy (French horns).

In celebration of Music Network’s 30th anniversary year, this event is designed to acknowledge the richness of contemporary harp practice in Ireland.

“For centuries the harp has been closely linked with Irish identity and nationality, so given the year that’s in it, it seems only fitting that we celebrate our own anniversary with a large-scale harping event,” says Sharon Rollston, Music Network CEO.

This spectacular live performance follows in the tradition of the famous Belfast Harp Festival of 1792, when folk music collector Edward Bunting annotated dozens of traditional harp tunes, helping to preserve our ancient harping tradition.

As a complementary second strand within this project, leading solo harpers will be filmed and recorded in a studio setting performing the entire first volume of the historic Bunting Collection, creating an audio-visual archive that both preserves these melodies, and through their interpretation, reflects the diversity of practice of today’s harpers.

Philip Martin’s Avoca: A Celtic Journey is presented with funding from the Arts Council’s DEIS & Traditional Arts Commissions Awards.

Programme

Paul Dooley - Irish harp (wire strung)

Albiez Trio – Laoise Kelly (harp), Tola Custy (fiddle), Cormac Breatnach (whistle)

Interval

Philip Martin’s Avoca: A Celtic Journey

A new commission for massed harp ensemble to mark Music Network’s 30th anniversary.

Tá lúcháir ar Music Network an chéad taibhiú a chur i láthair de shaothar nua-choimisiúnaithe do ensemble cruiteanna mórscála leis an gcumadóir Éireannach clúiteach, Philip Martin, Dé Domhnaigh, an 20 Samhain ar 5.30 pm sa Halla Mór, an tOspidéal Ríoga, Cill Mhaighneann, Baile Átha Cliath 8.

Stiúrfaidh iar-phríomhstiúrthóir Cheolfhoireann Choirme RTÉ, David Brophy, ensemble cruiteanna mórscála ina mbeidh Laoise Kelly, Anne-Marie O’Farrell, Gráinne Hambly, Dearbhail Finnegan, Tríona Marshall, Deirdre Granville, Fiona Gryson, Áine Ní Dhubhgaill, Claire O’Donnell, Eilís Lavelle agus idir 40 agus 50 cruitire gairmiúil agus neamhghairmiúil.

Is iad na daoine eile a bheidh san ensemble ná an t-amhránaí traidisiúnta, Liam Ó Maonlaí, Aoife Nic Athlaoich (dordveidhil) agus Cuan Ó Seiradáin agus Jacqueline McCarthy (coirn Fhrancacha).

Is ceiliúradh é an t-imeacht seo ar chomóradh 30 bliain Music Network, agus reáchtálfar é chun aitheantas a thabhairt don saibhreas a fhaightear i gcleachtas comhaimseartha na gcruiteanna in Éirinn.

“Tá dlúthbhaint ag an gcruit le féiniúlacht agus le náisiúntacht Éireannach leis na céadta bliain agus, ós rud é gurb é seo bliain an chomórtha, measaimid go bhfuil sé feiliúnach ár gcomóradh féin a bheith againn le himeacht cruitireachta mórscála,” arsa Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Music Network, Sharon Rollston.

Cuireann an léiriú beo iontach seo leis an méid a thit amach in ócáid cháiliúil sa bhliain 1792, Féile Chruiteanna Bhéal Feirste – an tráth a rinne an bailitheoir ceol tíre Edward Bunting cuid mhór foinn chruite thraidisiúnta a anótáil. Ba mhór an chabhair an méid sin lenár dtraidisiún ársa cruitireachta a chaomhnú.

Tá cuid eile sa tionscadal seo fosta – déanfar príomhchruitirí aonréid a scannánú agus a thaifeadadh i dtimpeallacht stiúideo agus iad ag seinm an chéad imleabhair de shaothar stairiúil, Bunting Collection, ina iomláine. Cruthóidh sé seo cartlann chlosamhairc a chaomhnóidh na séiseanna sin. Ina theannta sin, mar gheall ar an léiriú orthu, cuirfear in iúl cé chomh héagsúil atá cruitirí an lae inniu.

Cuirtear Avoca: A Celtic Journey le Philip Martin i láthair le maoiniú ó Dhámhachtain DEIS agus ó Dhámhachtain Coimisiún sna hEalaíona Traidisiúnta de chuid na Comhairle Ealaíon.

An Clár

Paul Dooley – cruit Ghaelach (sreinge)

Albiez Trio – Laoise Kelly (cruit), Tola Custy (fidil), Cormac Breatnach (feadóg)

Sos

Avoca: A Celtic Journey le Philip Martin

Coimisiún nua do ensemble cruiteanna mórscála chun ceiliúradh a dhéanamh ar chomóradh 30 bliain Music Network.

Stay up-to-date Fan ar an eolas


News Nuacht

Follow the latest news from the Ireland 2016 team including updates of events and programme updates.

Faigh an nuacht is déanaí ó fhoireann Éire 2016, imeachtaí nua agus athruithe ar an gclár ina measc.



Partners Comhpháirtithe

Stay up-to-date with our Partners and follow what’s on in your area, helping to commemorate Ireland 2016.

Fan ar an eolas maidir lenár gComhpháirtithe agus an méid a bheidh ar siúl i do cheantar féin chun Éire 2016 a chomóradh.