As the 1916 centenary year draws to a close, this two-day conference will explore the role of design and craft in shaping national or collective identities, asking what does national identity mean today in 21st century Ireland.
From the historical perspective of 1916 to contemporary practice, Mise Éire? Shaping a Nation through Design will examine the impact of global influences as well as the role that cultural diversity and technology play in shaping identities, now and into the future.
It will also investigate the role that the state, and museums in particular have played in interpreting and shaping this overall narrative.
The conference takes place at the National Museum, Collins Barracks on 4th and 5th November 2016 as part of the Decade of Centenaries Programme.
The event is being hosted by the Design & Crafts Council of Ireland in partnership with the National Museum of Ireland.
For bookings and further information, click here.
Agus muid ag teannadh le deireadh bhliain chomórtha 1916, déanfar iniúchadh sa chomhdháil dhá lá seo ar an ról a bhí ag dearadh is ceardaíocht ó thaobh cruth a chur ar fhéiniúlachtaí náisiúnta nó comhchoiteanna, ag fiafraí cén bhrí atá leis an bhféiniúlacht náisiúnta inniu in Éirinn an 21ú haois.
Ó dhearcadh stairiúil 1916 go dtí cleachtas comhaimseartha, in Mise Éire? Múnlú Náisiúin trí Dhearadh déanfar scrúdú ar an éifeacht a bhíonn ag tionchair dhomhanda chomh maith leis an ról atá ag éagsúlacht chultúrtha agus ag an teicneolaíocht ó thaobh féiniúlachtaí a mhúnlú, anois agus sa todhchaí.
Déanfar imscrúdú ann freisin ar an ról a bhí ag an stát, agus ag músaeim go háirithe ó thaobh tuiscint a fháil ar an gcás foriomlán seo agus é a mhúnlú.
Beidh an chomhdháil ar siúl san Ard-Mhúsaem, Dún Uí Choileáin an 4 agus 5 Samhain 2016 mar chuid de Chlár Deich mBliana na gCuimhneachán.
Is í Comhairle Dhearaidh & Cheardaíochta na hÉireann i gcomhpháirt le hArd-Mhúsaem na hÉireann a óstálfaidh an t-imeacht.
Chun áirithintí a dhéanamh agus tuilleadh eolais a fháil, cliceáil anseo.