Events Imeachtaí

Ministry, Advocacy and Compassion Ministry, Advocacy and Compassion

Pro Cathedral, Dublin
  • Start / Tús:
  • 25.09.16
  • End / Críoch:
  • 31.12.16
  • St Kevin's Chapel, Pro Cathedral, Dublin 1
  • Séipéal Chaoimhín, An Leas-Ardeaglais, Baile Átha Cliath 1
  • Event webpage
  • / Leathanach gréasáin imeachtaí

This exhibition takes you into the heart of the fighting during the Easter Rising where Catholic priests risked their lives to minister the sacraments to the wounded and dying.

Sa taispeántas seo tabharfar isteach i gcroílár na troda thú i rith Éirí Amach na Cásca, áit ar chuir sagairt Chaitliceacha a mbeatha i mbaol chun na sacraimintí a thabhairt do na daoine a bhí gortaithe agus ag fáil bháis.

The exhibition examines the crucial acts of the nuns and clergy, as they responded to the immediate needs of the hungry and displaced by providing them with much needed food and shelter.

Explore the eyewitness accounts of those who ministered to the condemned leaders and to those imprisoned in England.

Read the fascinating correspondence between Archbishop Walsh and the authorities during and after the Rising and letters received from Joseph Mary Plunkett, Patrick Pearse, Fr. Laurence Stafford and many others.

The exhibiton includes audio, allowing visitors to listen to stories from witnesses to key events such as:

  • Fr. Michael Curran's description of O'Connell Street immediately after the surrender.
  • Sr. Augustine Haye's account of life in Dublin during the Rising as seen from the Sisters of Mercy convent, Eccles Street.
  • Mabel Fitzgerald's protest against the harsh treatment meted out to prisoners and her appeal for the Archbishop's intervention.
  • Extracts from the annals of the Loreto Sisters at St. Stephen's Green and Rathfarnham Abbey.
  • An account of the visit to Patrick Pearse in Arbour Hill Prison by Fr. Columbus, OFM Cap. 

The interactive touchscreen shows never before seen documents from various religious archives, all relating to the Rising. 

The exhibiton will be open to the public on Saturday 25th September from 1.30pm - 5.30pm daily.  

Enjoy the experience and see here for more information on lunchtime lectures in the coming weeks. 

For more information or to arrange a group booking click here

Déantar imscrúdú sa taispeántas seo ar na héachtaí móra a rinne na mná rialta agus an chléireach, agus iad ag freastal ar an bpointe boise ar riachtanais na ndaoine a raibh ocras orthu agus a bhí díláithrithe trí bhia agus thearmann a thabhairt dóibh, rudaí a bhí ag teastáil go géar uathu.

Déan iniúchadh ar chuntais finné súl na ndaoine siúd a thug na sacraimintí do na ceannairí a daoradh chun báis agus dóibh sin a cuireadh i bpríosún i Sasana.

Léigh an comhfhreagras thar a bheith spéisiúil idir an tArd-Easpag Walsh agus na húdaráis i rith an Éirí Amach agus ina dhiaidh sin agus na litreacha a fuarthas ó Joseph Mary Plunkett, ó Phádraig Mac Piarais, ón Ath. Laurence Stafford agus go leor leor eile.

Tá fuaim ag gabháil leis an taispeántas, rud a thabharfaidh deis do chuairteoirí éisteacht le scéalta ó fhinnéithe maidir le himeachtaí tábhachtacha cosúil le:

  • An tuairisc a thug an tAth. Michael Curran ar Shráid Uí Chonaill díreach i ndiaidh do na ceannairí géilleadh.
  • Cuntas na Siúrach Augustine Haye ar an saol i mBaile Átha Cliath i rith an Éirí Amach mar a bhí sé le feiceáil ó chlochar Shiúracha na Trócaire, ar Shráid Eccles.
  • Agóid Mabel Fitzgerald mar gheall ar an drochbhail a bhí á chur ar phríosúnaigh agus an impí a rinne sí ar an Ard-Easpag rud éigin a dhéanamh faoi.
  • Sleachta ó annála Shiúracha Loreto ag Faiche Stiabhna agus Mainistir Ráth Fearnáin.
  • Cuntas ar an gcuairt a thug an tAth. Columbus, Ord na mBráthar Mionúr, Capuchin ar Phádraig Mac Piarais i bPríosún Chnoc an Earbair. 

Taispeántar ar an scáileán tadhaill idirghníomhach doiciméid ó chartlanna reiligiúin éagsúla, a bhaineann leis an Éirí Amach agus nach bhfacthas riamh cheana. 

Beidh an taispeántas ar oscailt don phobal ó Dé Sathairn, an 25 Meán Fómhair ón 1.30pm - 5.30pm gach lá.  

Bain sult as agus féach anseo chun tuilleadh eolais a fháil faoi léachtaí am lóin sna seachtainí beaga amach romhainn. 

Chun tuilleadh eolais a fháil nó chun áirithint ghrúpa a dhéanamh cliceáil anseo

Stay up-to-date Fan ar an eolas


News Nuacht

Follow the latest news from the Ireland 2016 team including updates of events and programme updates.

Faigh an nuacht is déanaí ó fhoireann Éire 2016, imeachtaí nua agus athruithe ar an gclár ina measc.



Partners Comhpháirtithe

Stay up-to-date with our Partners and follow what’s on in your area, helping to commemorate Ireland 2016.

Fan ar an eolas maidir lenár gComhpháirtithe agus an méid a bheidh ar siúl i do cheantar féin chun Éire 2016 a chomóradh.