Events Imeachtaí

Lectures, Debates and Seminars  Léachtaí, Díospóireachtaí agus Seimineáir

Lectures in An Teanga Bheo programme strand

Conradh na Gaeilge will deliver a programme of events to celebrate, commemorate and inspire the public’s interest in the Irish language, its contribution to and its role in Irish society.

Déanfaidh Conradh na Gaeilge clár imeachtaí a reáchtáil chun spéis an phobail a spreagadh sa Ghaeilge agus chun ceiliúradh agus comóradh a dhéanamh ar an teanga, ar an tairbhe a dhéanann sí do shochaí na hÉireann agus ar an ról atá aici sa tsochaí sin.

Conradh na Gaeilge

This programme will include a number of elements, including Plé 2016. This will consist of a specially commissioned series of seminars that will commemorate the importance of the Irish language at home and overseas, as well as the role of Conradh na Gaeilge and the cultural revival as a source of inspiration for the organisers of the 1916 Easter Rising. These events will provoke and facilitate a wider conversation and reflection about the role of the Irish language in contemporary life.

Conradh na Gaeilge

Beidh roinnt gnéithe sa chlár lena n-áirítear Plé 2016. Is éard a bheidh ann ná sraith seimineár a bheidh coimisiúnaithe go speisialta chun comóradh a dhéanamh ar thábhacht na Gaeilge in Éirinn agus thar lear, chomh maith le ról Chonradh na Gaeilge agus na hathbheochana cultúrtha mar fhoinse inspioráide do lucht eagraithe Éirí Amach na Cásca 1916. Spreagfaidh agus éascóidh na himeachtaí sin comhrá agus machnamh níos leithne faoi ról na Gaeilge sa saol comhaimseartha.

Office of An Coimisinéir Teanga

The Office of An Coimisinéir Teanga, in partnership with NUIG, will organise an international conference on language rights at the beginning of 2016, examining the link between independence, the establishment of states and language identity in an international context. A public lecture will form part of the event which will examine the historical context to the foundation of the State, the revival of the Irish language and the State's approach to the Irish language, especially in the context of public services. In addition, an insight will be provided into the period before and after the Easter Rising and historical sites will be visited as part of the conference.

Oifig an Choimisinéara Teanga

Eagróidh Oifig an Choimisinéara Teanga, i gcomhar le hOllscoil na hÉireann Gaillimh, comhdháil idirnáisiúnta ar chearta teanga ag tús na bliana 2016 ina scrúdófar an ceangal idir neamhspleáchas, bunú stáit agus céannacht teanga ar bhonn idirnáisiúnta. Tabharfar léacht phoiblí chomh maith ina scrúdófar an comhthéacs stairiúil do bhunú an Stáit, athbheochan na Gaeilge agus cur chuige an Stáit i leith na Gaeilge, go háirithe i gcomhthéacs seirbhísí poiblí. Ina theannta sin, tabharfar léargas ar an tréimhse roimh agus tar éis Éirí Amach na Cásca agus tabharfar cuairt ar shuíomhanna stairiúla mar chuid den chomhdháil.

Oireachtas na Gaeilge

Oireachtas na Gaeilge will begin to commemorate 2016 by organising Parlaimint na nDán (the Artists’ Assembly) at Oireachtas na Gaeilge 2015 in Dublin. Two separate lectures on 1916 will be delivered at Oireachtas na Gaeilge 2016 in Killarney, County Kerry, and at the visitor centre at Teach an Phiarsaigh in Ros Muc, County Galway. A lecture on The Influence of 1916 on the Celtic countries will be delivered at the International Pan Celtic Festival in Carlow in 2016.

Oireachtas na Gaeilge

Cuirfidh Oireachtas na Gaeilge tús lena gcomóradh ar 2016 trí Pharlaimint na nDán a eagrú ag Oireachtas na Gaeilge 2015 i mBaile Átha Cliath. Tabharfar dhá léacht ar leith faoi 1916 ag Oireachtas na Gaeilge 2016 i gCill Airne, Co. Chiarraí, agus ag an ionad cuairteoirí ag Teach an Phiarsaigh i Ros Muc, Co. na Gaillimhe. Tabharfar léacht ag an bhFéile Idirnáisiúnta Phan-Cheilteach i gCeatharlach in 2016 ar Thionchar 1916 ar na tíortha Ceilteacha.

Cumann Merriman

Cumann Merriman will convene a special Irish language Winter School in Dublin dedicated to the theme of the Easter 1916 Rising.

Cumann Merriman

Tionólfaidh Cumann Merriman Scoil Gheimhridh trí Ghaeilge i mBaile Átha Cliath leis an téama Éirí Amach na Cásca 1916.

Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, NUIG

Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, NUIG will curate and present an exhibition in Carna, County Galway of material from the RTÉ Raidió na Gaeltachta archive relating to 1916.

Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, NUIG

Eagróidh Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, OÉG taispeántas poiblí i gCarna, Co. na Gaillimhe d’ábhar ó chartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta a bhaineann le 1916.

An Gúm

An Gúm, Foras na Gaeilge’s publishing house, will be celebrating 90 years since its establishment in 1916 and a conference to celebrate that is being planned.

An Gúm

Beidh an Gúm, teach foilsitheoireachta Fhoras na Gaeilge, ag ceiliúradh 90 bliain a bhunaithe in 1916 agus tá sé i gceist comhdháil a reáchtáil chun ceiliúradh a dhéanamh air sin.

Coláiste na Rinne, Co. Waterford

As part of Daonscoil na Mumhan, four lectures will be held to mark the 1916 centenary in Leabharlann de Hindeberg, Coláiste na Rinne, County Waterford in March and September 2016.

Coláiste na Rinne, Co. Phort Láirge

Mar chuid de Dhaonscoil na Mumhan, eagrófar ceithre léacht faoi phríomhthéarmaí an chláir chomórtha i Leabharlann de Hindeberg, Coláiste na Rinne, Co. Phort Láirge i mí an Mhárta agus mí Mheán Fómhair 2016.

Gael-Taca, Cork city

Gael-Taca will host a lecture on the Rising during Easter Week 2016 in Ionad Gael-Taca in Cork city.

Gael-Taca, Cathair Chorcaí

Eagróidh Gael-Taca léacht maidir le hÉirí Amach na Cásca in ionad Gael-Taca i gcathair Chorcaí i rith Sheachtain na Cásca 2016.

Coiste Gaeilge Locha Riach, Co. Galway

A series of lectures/events will be held in the following towns in County Galway: Ballinasloe, Athenry, Loughrea, Gort and Portumna.

Coiste Gaeilge Locha Riach, Co. na Gaillimhe

Eagrófar sraith léachtaí/ócáidí sna bailte seo a leanas i gCo. na Gaillimhe: Béal Átha na Sluaighe, Baile Átha an Rí, Baile Locha Riach, An Gort agus Port Omna.

Stay up-to-date Fan ar an eolas


News Nuacht

Follow the latest news from the Ireland 2016 team including updates of events and programme updates.

Faigh an nuacht is déanaí ó fhoireann Éire 2016, imeachtaí nua agus athruithe ar an gclár ina measc.



Partners Comhpháirtithe

Stay up-to-date with our Partners and follow what’s on in your area, helping to commemorate Ireland 2016.

Fan ar an eolas maidir lenár gComhpháirtithe agus an méid a bheidh ar siúl i do cheantar féin chun Éire 2016 a chomóradh.