Events Imeachtaí

Interactive Website for Students Suíomh Gréasáin Idirghníomhach do Dhaltaí

  • Start / Tús:
  • 24.04.16
  • Event webpage
  • / Leathanach gréasáin imeachtaí

Louth County Museum, Dundalk, in conjunction with MOR solutions, has developed an interactive website for students through its countdown resource to the Rising.

Tá Leabharlann Chontae Lú, Dún Dealgan, i gcomhar le MOR Solutions, tar éis suíomh gréasáin idirghníomhach a fhorbairt do dhaltaí scoile mar chuid dá hacmhainn chun na laethanta a chomhaireamh go dtí an tÉirí Amach.

Similar to the traditional advent calendar, this website features numbered flaps which, when clicked, reveal an image and story of significance to the evolution of Irish nationhood. The items featured in the pictures can be viewed in the museum’s award-winning Birth of a Nation exhibition, which covers the time period 1641 to 1916.

Items include handwritten documents by 1916 leaders James Connolly, Patrick Pearse and Roger Casement, and prison letters sent by some of those incarcerated after the 1916 Rising to their mothers. Robert Emmet’s death mask and even Oliver Cromwell’s shaving mirror are also included in the countdown, which is timed to coincide with the actual anniversary of the Easter Rising: April 24th.

The images will be revealed day by day, and only the numbers corresponding to the days that have already passed in April can be opened, building a sense of anticipation.

Available here.

Amhail féilire Aidbhinte thraidisiúnta, tá doirse beaga agus uimhir orthu ar an suíomh gréasáin seo. Nuair a chliceáiltear orthu sin, léirítear íomhá agus scéal a bhaineann go sonrach le héabhlóid an náisiúin. Na híomhánna sna pictiúir, is féidir amharc orthu i dtaispeántas ‘Breith Náisiúin’ an mhúsaeim a bhfuil gradam bainte amach aige. Cuimsítear an tréimhse idir 1641 agus 1916 sa taispeántas.

I measc na rudaí atá le feiceáil ann, cuimsítear doiciméid lámhscríofa ó Shéamus Ó Conghaile, Pádraig Mac Piarais agus Ruairí Mac Easmainn, ceannairí 1916, agus litreacha ón bpríosún a sheol cuid de na daoine, ar cuireadh i ngéibheann iad tar éis Éirí Amach 1916, chuig a máithreacha. Tá masc mairbh Robert Emmet le feiceáil ar an suíomh mar aon le scáthán bearrtha Oilibhéar Cromail. Tá an comhaireamh síos bunaithe ar an dáta a tharla Éirí Amach na Cásca ar an 24 Aibreán.

Nochtfar na híomhánna lá ar lá agus ní féidir a oscailt ach na huimhreacha sin a bhaineann leis na laethanta in Aibreán atá caite, rud a chothaíonn spéis agus sceitimíní.

Ar fáil anseo.

Stay up-to-date Fan ar an eolas


News Nuacht

Follow the latest news from the Ireland 2016 team including updates of events and programme updates.

Faigh an nuacht is déanaí ó fhoireann Éire 2016, imeachtaí nua agus athruithe ar an gclár ina measc.



Partners Comhpháirtithe

Stay up-to-date with our Partners and follow what’s on in your area, helping to commemorate Ireland 2016.

Fan ar an eolas maidir lenár gComhpháirtithe agus an méid a bheidh ar siúl i do cheantar féin chun Éire 2016 a chomóradh.