Events Imeachtaí

How the Women Helped. How the Women Helped.

  • Start / Tús:
  • 08.03.16
  • National Library of Ireland.

How the Women Helped is a public lecture that will uncover the role of women in the Irish revolutionary period of 1916 -1923.

Léacht phoiblí is ea How the Women Helped a nochtfaidh ról na mban sa tréimhse réabhlóideach in Éirinn, 1916-1923.

On International Women's Day, Dr Marie Coleman will discuss the role of women in the Irish revolution. The lecture will examine the impact of new source material in our understanding of women’s contributions to the independence campaign.

Dr Coleman is a Lecturer in Modern Irish History at Queen's University, Belfast. Her books include County Longford and the Irish Revolution, 1910-1923; The Irish Sweep: A History of the Irish Hospitals Sweepstake, 1930-1987; and The Irish Revolution, 1916-1923. Her current research focuses on the experience of veterans after the revolution, with particular emphasis on military service pensions.

This lecture forms part of the ‘Atlas of the Irish Revolution’ lecture series in partnership with University College, Cork.

‘Atlas of the Irish Revolution’ Lecture Series

This series of lectures, in partnership with University College, Cork’s 'Atlas of the Irish Revolution' will take the Easter Rising as its theme. Contributors to the publication will discuss various aspects of the Rising in this monthly series of lectures beginning in March 2016.

This event is open to all and no booking is required. 

Further information available here. 

Ar Lá Idirnáisiúnta na mBan pléifidh an Dr Marie Coleman ról na mban i réabhlóid na hÉireann. Scrúdóidh an léacht an tionchar atá ag ábhar nua foinse ar ár dtuiscint ar chion na mban san fheachtas ar son an neamhspleáchais.

Is léachtóir le Nua-Stair na hÉireann í an Dr Coleman in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste. I measc a cuid leabhar tá County Longford and the Irish Revolution, 1910-1923; The Irish Sweep: A History of the Irish Hospitals Sweepstake, 1930-1987; agus The Irish Revolution, 1916-1923. Díríonn a taighde reatha ar thaithí na n-iarshaighdiúirí tar éis na réabhlóide, le béim ar leith ar phinsin seirbhíse míleata.

Is cuid den tsraith léachtaí ‘Atlas of the Irish Revolution’ i gcomhpháirt le Coláiste na hOllscoile, Corcaigh í an léacht seo.

An tSraith Léachtaí ‘Atlas of the Irish Revolution’

Glacfaidh an tsraith léachtaí seo, i gcomhpháirt le ‘Atlas of the Irish Revolution’ de chuid Choláiste na hOllscoile, Corcaigh, Éirí Amach na Cásca mar théama di. Pléifidh rannpháirtithe san fhoilseachán gnéithe éagsúla den Éirí Amach sa tsraith mhíosúil léachtaí seo, ag tosú i mí an Mhárta 2016.

Tá fáilte roimh chách chuig an ócáid agus ní gá áirithint a dhéanamh. 

Tá tuilleadh eolais ar fáil anseo. 

Stay up-to-date Fan ar an eolas


News Nuacht

Follow the latest news from the Ireland 2016 team including updates of events and programme updates.

Faigh an nuacht is déanaí ó fhoireann Éire 2016, imeachtaí nua agus athruithe ar an gclár ina measc.



Partners Comhpháirtithe

Stay up-to-date with our Partners and follow what’s on in your area, helping to commemorate Ireland 2016.

Fan ar an eolas maidir lenár gComhpháirtithe agus an méid a bheidh ar siúl i do cheantar féin chun Éire 2016 a chomóradh.