Events Imeachtaí

Digitisation of Australian newspaper clippings Digitiú ar ghearrthóga nuachtán Astrálach


In 1924 Newman College at the University of Melbourne was given the personal library of Irish scholar and Melbourne Doctor Nicholas O’Donnell.

I 1924, tugadh leabharlann phearsanta an scoláire Éireannaigh Nicholas O'Donnell, a bhí ag obair mar dhochtúir i Melbourne, do Choláiste Newman in Ollscoil Melbourne.

Dr O'Donnell's descendants have recently loaned two scrapbooks of newspaper cuttings compiled by Dr O’Donnell in which he tracks the Easter Rising in the Australian and Melbourne press in the context of prior events and events that ensued, covering the period December 1911 to January 1920. Publications featured include the Argus, the Herald, and the Advocate.

With kind permission from the owner, and with the support of the Embassy of Ireland, the University plans to digitise the scrapbooks so that text can be made accessible and searchable and news articles are available for re-use. The scrapbooks are fragile and this is an opportunity to preserve them. This project relates to the centenary themes ‘remember’ ‘present’ and ‘imagine’ and it will leave a lasting legacy and a research resource beyond 2016.

Thug sliocht an Dochtúra O'Donnell ar iasacht le déanaí dhá leabhar gearrthóg nuachtán a thiomsaigh an Dr O'Donnell, ina ndearna sé rianú ar Éirí Amach na Cásca i bpreas na hAstráile agus Melbourne i gcomhthéacs na n-imeachtaí roimhe sin agus ina dhiaidh, a chlúdaíonn an tréimhse ón Nollaig 1911 go dtí Eanáir 1920. I measc na bhfoilseachán tá The Argus, The Herald, agus The Advocate.

Le caoinchead ón úinéir, agus le tacaíocht ó Ambasáid na hÉireann, tá sé i gceist ag an Ollscoil digitiú a dhéanamh ar na leabhair ghearrthóg ionas go mbeidh an téacs inrochtana agus inchuardaithe agus go mbeidh na hailt nuachta ar fáil le haghaidh athúsáide. Is leochaileach iad na leabhair ghearrthóg agus seo deis chun iad a chaomhnú. Baineann an tionscadal seo leis na téamaí 'cuimhneamh' 'cur i láthair' agus 'samhlú' de chuid an chuimhneacháin, agus beidh oidhreacht bhuan agus acmhainn taighde ina thoradh air a bheidh fós againn tar éis 2016.

Stay up-to-date Fan ar an eolas


News Nuacht

Follow the latest news from the Ireland 2016 team including updates of events and programme updates.

Faigh an nuacht is déanaí ó fhoireann Éire 2016, imeachtaí nua agus athruithe ar an gclár ina measc.



Partners Comhpháirtithe

Stay up-to-date with our Partners and follow what’s on in your area, helping to commemorate Ireland 2016.

Fan ar an eolas maidir lenár gComhpháirtithe agus an méid a bheidh ar siúl i do cheantar féin chun Éire 2016 a chomóradh.