14 Henrietta Street was selected as a Commemorative Capital Project in the Decade of Centenaries (2012-2022) as the building contains a wealth of physical evidence that will allow future generations to explore and understand the social history of the house and the street from the 1750s to the 1970s.
It is remarkable that the house, which contains no furniture, reveals so much about not only the past but also the contrasting lives that were lived at 14 Henrietta Street.
People's lives and the uses of the rooms during the house's over 200-year history are emerging through the efforts of conversation specialists, academic researchers and the collection of oral histories from those who lived there and in the vicinity.
2016 Events
Dublin City Council is collaborating with the National Folklore Foundation in UCD and the Department of Architecture in UCD to host a Tenement Remembers Day in April 2016. The day will be about recording contributors’ memorabilia, the period it represents and the story that is associated with the item. This information will form a repository for future generations.
A day-long public seminar will be arranged in a venue close to the street during National Heritage Week (20-28 August 2016) where the post-doctoral research projects commissioned by Dublin City Council, the oral histories and the curatorial vision for the project will be explored. Dublin City Council will invite President Michael D. Higgins to launch and participate in the seminar and in a photo call to take place at the seminar's conclusion.
Roghnaíodh 14 Sráid Henrietta mar Thionscadal Caipitil Comórtha i nDeich mBliana na gCuimhneachán (2012-2022) toisc go bhfuil saibhreas fianaise fisiciúla san fhoirgneamh a thabharfaidh deis do ghlúine amach anseo iniúchadh a dhéanamh ar stair shóisialta an tí agus na sráide ó na 1750idí go dtí na 1970idí agus an stair sin a thuiscint.
Is iontach an rud é go bhfuil an teach, nach bhfuil aon troscán ann in aon chor, in ann an oiread sin a léiriú ní hamháin faoin saol atá caite ach freisin faoin saol an-éagsúil a bhí ag an dream a chónaigh ag 14 Sráid Henrietta.
Tá saol na ndaoine agus na húsáidí a baineadh as na seomraí i rith stair 200 bliain an tí ag teacht chun solais trí iarrachtaí speisialtóirí caomhnaithe, taighdeoirí acadúla agus bailiúchán stair bhéil na ndaoine a mhair ansin agus sa chomharsanacht.
Imeachtaí 2016
Tá Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath ag obair leis an bhForas Náisiúnta Béaloidis in UCD agus leis an Roinn Ailtireachta in UCD chun Lá Cuimhneacháin na dTionóntán a óstáil i mí Aibreáin 2016. Déanfar taifead ar earraí cuimhneacháin na rannpháirtithe ar an lá, ar an tréimhse atá i gceist leo agus ar an scéal a bhaineann le gach mír ar leith. Beidh an fhaisnéis seo mar stór eolais ag glúine amach anseo.
Eagrófar seimineár poiblí lae in ionad gar don tsráid i rith na Seachtaine Oidhreachta Náisiúnta (20-28 Lúnasa 2016), nuair a dhéanfar iniúchadh ar na tograí taighde iardhochtúireachta a choimisiúnaigh Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, ar an stair bhéil agus ar fhís choimeádaíochta an tionscadail. Tabharfaidh Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath cuireadh don Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn chun an lá a sheoladh agus a bheith rannpháirteach sa seimineár agus i ngairm ghrianghraf a bheidh ar siúl ag deireadh an tseimineáir.