A place of huge significance to our national story, though nearly lost in the collective memory. The remaining buildings of Richmond Barracks have been restored and are now open seven days a week providing guided tours and spaces for events and ceremonies. Richmond Barracks was elevated to national status because the buildings were a significant site for events in our national history and are of particular significance to the period around 1916.
The leaders of the 1916 Rising were interned here and court-martialled in the barracks before being transferred to Kilmainham Gaol. It was also from here that soldiers, including the poet Francis Ledwidge, were sent to fight in World War I.
Visitors are invited to experience the diverse history of Richmond Barracks over the past 200 years. The interpretation centre explores the lives of people there at the time; what were the conditions like for the rebels imprisoned in the barracks? What was it like to rear a family in Keogh Square? Or to go to school in St. Michael's CBS?
Tours are given by a team of local trained volunteers. Richmond Barracks worked with the local schools and colleges to provide training for those who have lived and have history in the area. The exhibitions tell Ireland’s national history, British and Irish military history and local social history.
The Gymnasium
Within the gymnasium visitors will experience the anticipation, anguish and intensity, which would have filled this space following the Easter Rising 1916.
Richmond Barracks will tell the story of those who have lived and worked for Ireland over the past 200 years. Visitors are invited to step back in time to experience its varied and interesting history.
77 Women of Richmond Barracks
Richmond Barracks is delighted to house the commemorative quilt created by 77 contemporary women to remember the brave 77 women arrested and held at the barracks in 1916.
The School Building: If these Walls could Talk
Visitors will step back in time to experience the varied and interesting history of Richmond Barracks. The rooms, the corridors, the furniture all tell a personal story which visitors can relate to – what were the conditions like for the rebels imprisoned in Richmond? What was it like to rear a family in Keogh’s Square? What was it like to go to school in St. Michael's CBS?
Goldenbridge Cemetery: An Exclusive Tour
Goldenbridge Cemetery gates will open to visitors for the first time since it closed in 1869, its use curtailed then to those with established burial rights.
A tour of Richmond Barracks, will include a tour of the first catholic cemetery in Ireland, founded by Daniel O’Connell in 1828. Visitors will walk in an unspoilt garden cemetery learn about the vaults, the watchmen with the guard dogs, the story of bodysnatching, visit a Taoiseach’s grave, a child killed a result of a bullet wound in the 1916 Rising and an Irish rugby international who was a member of the 1896 Lions tour to South Africa.
For more information, visit Richmond Barracks.
Áit lena mbaineann suntasacht ollmhór inár scéal náisiúnta é, ach a bhí beagnach imithe ónár gcuimhne chnuasaitheach. Rinneadh athchóiriú ar na foirgnimh atá fágtha i nDún Richmond agus bíonn siad ar oscailt anois seacht lá na seachtaine. Is féidir dul ar thuras treoraithe iontu, agus tá spásanna ar fáil le haghaidh imeachtaí agus ócáidí.
Tugadh stádas náisiúnta do Dhún Richmond mar gheall gur suíomh suntasach a bhí sna foirgnimh d’imeachtaí inár stair náisiúnta agus gur bhain suntasacht áirithe leo sa tréimhse timpeall ar 1916.
Coinníodh ceannairí Éirí Amach 1916 agus cuireadh ar chúirt airm iad sa bheairic sular aistríodh chuig Príosún Chill Mhaighneann iad. Ba as seo chomh maith a seoladh saighdiúirí, an file Francis Ledwidge ina measc, le troid sa Chéad Chogadh Domhanda.
Tugtar cuireadh do chuairteoirí stair éagsúil Dhún Richmond le 200 bliain anuas a fhiosrú. Fiosraítear sa léirmhíniú saol na ndaoine a bhí ann ag an am. Conas mar a bhí an saol ag na reibiliúnaithe a bhí sa phríosún sa bheairic? Cén saghas saoil a bhí acu siúd a thóg a gclann i gCearnóg Keogh, nó conas mar a bhí sé freastal ar an scoil i CBS Naomh Micheál?
Foireann oibrithe deonacha oilte ón gceantar a bhíonn i mbun na dturas. D’oibrigh Dún Richmond i gcomhar le scoileanna agus le coláistí sa cheantar chun oiliúint a chur ar fáil dóibh siúd a bhfuil cónaí orthu sa cheantar nó a bhfuil ceangal acu leis. Léirítear sna taispeántais stáir náisiúnta na hÉireann, stair mhíleata na Breataine agus na hÉireann, agus an stair shóisialta áitiúil.
An Giomnáisiam
Sa ghiomnáisiam, gheobhaidh cuairteoirí blas ar an tnúth, ar an gcrá agus ar an déine a bhí sa spás seo tar éis Éirí Amach 1916. Inseoidh Dún Richmond scéal na ndaoine sin a bhí ina gcónaí agus i mbun saothair in Éirinn le 200 bliain anuas. Tugtar cuireadh do chuairteoirí dul siar san am chun stair éagsúil spéisiúil Dhún Richmond a bhlaiseadh.
77 mBean de chuid Dhún Richmond
Tá sé ina chúis áthais i nDún Richmond gur ann a choinnítear an chuilt chomórtha a chruthaigh 77 mbean ónár linn féin i gcuimhne ar na 77 mbean chróga a gabhadh agus a coinníodh sa bheairic seo i 1916.
Foirgneamh na Scoile: Dá mBeadh Caint ag na Ballaí Seo
Rachaidh cuairteoirí siar san am chun stair éagsúil spéisiúil Dhún Richmond a bhlaiseadh. Tá scéal pearsanta le hinsint ag na seomraí, na pasáistí agus an troscán ar fad, agus is maith a thuigfidh cuairteoirí é.
Reilig an Droichid Órga: Cuairt ar Leith
Osclófar geataí Reilig an Droichid Órga do chuairteoirí don chéad uair ó dúnadh í i 1869. An tráth sin, ní raibh cead an reilig a úsáid ach ag na daoine sin a raibh cearta adhlactha seanbhunaithe acu ann.
Cuimseofar sa turas ar Dhún Richmond turas ar an gcéad reilig chaitliceach in Éirinn. Dónall Ó Cónaill a bhunaigh an reilig i 1828. Siúlfaidh cuairteoirí trí reilig gairdín gan mhilleadh,
foghlaimeoidh siad faoina huaimheanna agus na fir faire agus a gcuid madraí cosanta, éistfidh siad le scéal na réabóirí reilige, feicfidh siad uaigh. Thaoisigh mar aon le huaigh linbh a fuair bás de bharr piléir in Éirí Amach 1916 agus uaigh imreora idirnáisiúnta rugbaí ó Éirinn a bhí ar thuras na Leon go dtí an Afraic Theas i 1896.
Cliceáil anseo chun tuilleadh eolais a fháil.