Kilmainham Gaol and Courthouse Teach na Cúirte agus Príosún Chill Mhaighneann

Kilmainham Gaol and Courthouse
Kilmainham Gaol Teach na Cúirte agus Príosún Chill Mhaighneann

Kilmainham Gaol is one of Ireland’s most significant historic sites and a physical expression of the country’s penal and political heritage.

Tá Príosún Chill Mhaighneann ar cheann de na suíomhanna stairiúla is suntasaí in Éirinn agus ina shampla fisiciúil d’oidhreacht choiriúil agus pholaitiúil na tíre.

Dating from 1796, it is a designated National Monument, and one of the largest unoccupied gaols in Europe.  

The Gaol is among the most popular tourist sites in Ireland and an essential destination for both domestic and international visitors.

Kilmainham Gaol is a poignant location in the story of our independence, as the majority of the 1916 leaders died here. The Stone-breakers' Yard, where the executions were carried out, strikes a particularly emotional chord with many people who visit.

The Office of Public Work's main role is to maintain and conserve the site as a National Monument, but also to present the Gaol to the public through a dedicated on-site Guide Service, explaining its 220 year history and its role in some of the key events in the formation of the State.

Kilmainham Courthouse is located directly outside the perimeter wall of the Gaol. It is also a protected building of historical significance, having first served as the seat of local government administration for Dublin from the early 1800s to the early 1900s, and until 2008 as a functioning judicial courthouse.

The Courthouse is undergoing a major project to adapt the building to visitor use, as part of the government's Permanent Reminders of 1916. This heralds a new era for the Gaol as it will substantially improve the OPW's ability to welcome people to the site.

Once completed, visitors will be able to access Kilmainham Gaol through a new, purpose-adapted building, offering an excellent experience with modern facilities and rich, historical presentations on display.

The new facilities within the Courthouse will include a café and welfare facilities, a bookshop, plus historic interpretation and displays relating to the building.

Pre-booking of tickets will be available through the new Kilmainham Gaol Museum website.

Kilmainham Gaol is, first and foremost, a historic site. However, it is also the location for a significant cache of artefacts and memorabilia related to various aspects of its history, much of it donated by private individuals. Many important items from the Collection, including the 1916 Proclamation, are on display in the Kilmainham Gaol Museum. These artefacts will continue to be available to visitors, and the OPW intends to add to the material in the years ahead, as interest in the era grows and family members of Veterans donate further material.

As part of the programme to mark the centenary of 1916, the OPW is supporting a number of projects.

In partnership with the Royal Irish Academy, the OPW has participated in the production of a book, 1916: Portraits and Lives, a collection of 42 essays about individuals in 1916 Dublin and their involvement with the Rising and its aftermath. The OPW has funded the production of 42 portraits of the individuals by artist David Rooney, to accompany each of the chapters. The original artworks are now part of the State Art Collection, and will be put on public display at the Gaol in spring 2016.

The OPW is also funding the development of a historic website that focuses on the Autograph Books Collection at the Kilmainham Gaol Museum. This collection is made up of signatures, mementoes and other reminiscences of men directly involved in the Rising, which will feature on the new site.

Tá Príosún Chill Mhaighneann ar cheann de na suíomhanna stairiúla is suntasaí in Éirinn agus ina shampla fisiciúil d’oidhreacht choiriúil agus pholaitiúil na tíre.

Tógadh é i 1796 agus tá sé ina Shéadchomhartha Náisiúnta anois, agus ar cheann de na príosúin fholmha is mó san Eoraip.  

Tá an Príosún ar cheann de na suíomhanna turasóra is mó tóir in Éirinn agus is ceann scríbe ríthábhachtach atá ann do chuairteoirí baile agus idirnáisiúnta.

Is láthair thábhachtach é Príosún Chill Mhaighneann i scéal an Neamhspleáchais, mar gur maraíodh formhór cheannairí 1916 anseo. Téann seanchlós na mBristeoirí Cloch, áit ar cuireadh chun báis iad, i bhfeidhm go mór ar go leor daoine a thagann ar cuairt.

Is é príomhról Oifig na nOibreacha Poiblí an suíomh a chothabháil agus a chaomhnú mar Shéadchomhartha Náisiúnta, ach chomh maith leis sin an Príosún a chur i láthair don phobal trí Sheirbhís Treorach thiomnaithe ar an suíomh, ina mínítear stair 220 bliain an tsuímh agus a ról i roinnt de na príomhimeachtaí i bhfoirmiú an Stáit.

Tá Teach Cúirte Chill Mhaighneann suite díreach taobh amuigh de bhalla teorann an Phríosúin. Foirgneamh faoi chosaint atá ann chomh maith, a bhí mar an chéad láthair do riarachán an rialtais áitiúil do Bhaile Átha Cliath ó thús na 1800idí go dtí tús na 1900idí, agus mar theach cúirte breithiúnach go dtí 2008.

Tá mórthionscadal ar siúl sa Teach Cúirte chun an foirgneamh a chur in oiriúint do chuairteoirí, mar chuid de Mheabhrúcháin Bhuana ar 1916 an rialtais. Ré nua a bheidh anseo don Phríosún mar go bhfeabhsóidh sé go mór cumas Oifig na nOibreacha Poiblí fáilte a chur roimh dhaoine chuig an suíomh.

Nuair a bheidh sé críochnaithe, beidh cuairteoirí in ann dul isteach i bPríosún Chill Mhaighneann trí fhoirgneamh nua, oiriúnaithe, a chuirfidh taithí iontach ar fáil le háiseanna nua-aimseartha agus saibhre agus cuir i láthair stairiúla.

Áireofar leis na háiseanna nua i bhfoirgneamh Theach na Cúirte áiseanna caifé agus leasa, siopa leabhar, agus léirmhíniú agus taispeántais stairiúla a bhaineann leis an Teach Cúirte.

Beifear in ann ticéid a chur in áirithe roimh ré trí shuíomh gréasáin nua Mhúsaem Phríosún Chill Mhaighneann.

Thar aon rud eile is suíomh stairiúil atá i bPríosún Chill Mhaighneann. Ach is suíomh é freisin ina bhfuil taisce shuntasach déantáin agus ábhar cuimhneacháin a bhaineann le gnéithe éagsúla dá stair, ar bhronn daoine príobháideacha go leor díobh. Tá go leor míreanna tábhachtacha ón mBailiúchán, lena n-áirítear Forógra 1916, ar taispeáint i Músaem Phríosún Chill Mhaighneann. Beidh na déantáin seo fós ar fáil do chuairteoirí, agus tá sé i gceist ag Oifig na nOibreacha Poiblí ábhar a chur leis sna blianta amach romhainn, de réir mar a mhéadaínn suim sa ré agus go mbronnann baill de theaghlaigh na n-iar-Shaighdiúirí tuilleadh ábhar.

Mar chuid den chlár chun comóradh a dhéanamh ar chéad bliain 1916, tá Oifig na nOibreacha Poiblí ag tacú le roinnt tionscadal.

I gcomhpháirt le hAcadamh Ríoga na hÉireann, bhí Oifig na nOibreacha Poiblí páirteach i dtáirgeadh leabhar, 1916: Portraits and Lives, bailiúchán de 42 aiste faoi dhaoine aonair i mBaile Átha Cliath i 1916 agus faoin mbaint a bhí acu leis an Éirí Amach agus leis an méid a tharla ina dhiaidh. Mhaoinigh Oifig na nOibreacha Poiblí táirgeadh 42 portráid de na daoine aonair leis an ealaíontóir David Rooney, le bheith mar choimhdeachta le gach caibidil.   Tá na saothair ealaíne bhunaidh anois mar chuid de Bhailiúchán Ealaíne an Stáit, agus cuirfear ar taispeáint phoiblí iad sa Phríosún in earrach 2016.

Tá Oifig na nOibreacha Poiblí ag maoiniú forbairt suíomh gréasáin stairiúil chomh maith a dhíríonn ar an mBailiúchán Leabhar Síniúchán i Músaem Phríosún Chill Mhaighneann. Tá sínithe, cuimhneacháin agus cuimhní fear a bhí páirteach go díreach san Éirí Amach sa bhailiúchán seo, a bheidh le feiceáil sa suíomh nua.

Stay up-to-date Fan ar an eolas


News Nuacht

Follow the latest news from the Ireland 2016 team including updates of events and programme updates.

Faigh an nuacht is déanaí ó fhoireann Éire 2016, imeachtaí nua agus athruithe ar an gclár ina measc.



Partners Comhpháirtithe

Stay up-to-date with our Partners and follow what’s on in your area, helping to commemorate Ireland 2016.

Fan ar an eolas maidir lenár gComhpháirtithe agus an méid a bheidh ar siúl i do cheantar féin chun Éire 2016 a chomóradh.