ART: 2016 is the Arts Council’s contribution to the Ireland 2016 Centenary Programme. The Arts Council is placing the artist and the arts at the centre of how it responds to the centenary of the 1916 Easter Rising.
The role of artists in the Celtic Revival and in the events leading up to the Rising cannot be underestimated. They challenged and provoked a different narrative that sought to imagine a new, culturally defined Ireland.
In the century since the Rising, artists have continued to be the great signifiers of our island. Their work has been the enduring imagination of what Ireland can become.
ART: 2016 is a diverse and distinctive public showcase of Irish art which is being presented across Ireland and abroad throughout the year.
Key programme strands include the Open Call National Project Awards; the Next Generation Bursary Awards, and A Nation’s Voice, a free concert featuring new choral and orchestral work by Shaun Davey and Paul Muldoon and the voices of a 1000-strong choir, which took place at the National Museum of Ireland, Collins Barracks on Easter Sunday.
A second edition of the ART: 2016 printed programme provides updates and additional information on projects and events happening between May and August 2016.
Click here to download.
Is í EALAÍN: 2016 rannchuidiú na Comhairle Ealaíon le Clár Comórtha Céad Bliain Éire 2016. Tá áit lárnach ag an ealaíontóir agus ag na healaíona i bhfreagra na Comhairle Ealaíon ar chomóradh céad bliain Éirí Amach na Cásca 1916.
Ní féidir beag is fiú a dhéanamh den ról a bhí ag ealaíontóirí san Athbheochan Cheilteach agus sna himeachtaí a tharla suas go dtí an tÉirí Amach. Thug siad dúshlán agus spreag siad insint eile ina ndearnadh iarracht Éire nua, bunaithe ar chultúr, a shamhlú.
Céad bliain ón Éirí Amach, bíonn ealaíontóirí fós ag fógairt ár náisiúin. Ina gcuid saothair, feictear an tsamhlaíocht bhuanseasmhach den Éirinn a d’fhéadfadh a bheith againn.
Is taispeántas poiblí éagsúil agus sainiúil ar ealaín Éireannach í EALAÍN: 2016. Tá sí á cur i láthair ar fud na hÉireann agus thar lear ar feadh na bliana ar fad.
I measc phríomhshraitheanna an chláir tá na Dámhachtainí Tionscadail Náisiúnta Gairmeacha Oscailte; Dámhachtainí Sparánachta don Chéad Ghlúin Eile; agus Glór an Phobail, ceolchoirm faoin spéir a bhí ar siúl saor in aisce in Ard-Mhúsaem na hÉireann, Dún Uí Choileáin, ar Dhomhnach Cásca, ina raibh saothar nua córúil agus ceolfhoirne le Shaun Davey agus le Paul Muldoon, agus cór 1000 duine.
Sa dara heagrán de chlár clóite EALAÍN: 2016 tá an nuacht is déanaí agus tuilleadh eolais faoi thionscadail agus faoi imeachtaí a bheidh ag tarlú idir mí na Bealtaine agus mí Lúnasa 2016.
Cliceáil anseo chun é a íoslódáil.