Born in 1864 in Dublin, Casement was knighted for his services to the British consulate. He campaigned tirelessly to expose the cruelty inflicted on native workers in the Belgian Congo in 1904, and again in Brazil from 1911-1912, causing an international sensation with his reportage.
Casement had become a member of the Gaelic League in 1904, beginning at that time to write nationalist articles under the pseudonym ‘Seán Bhean Bhocht’. He retired from the British consular service in 1913, after which he joined the Irish Volunteers. Casement was despatched to Germany on account of his experience to raise an Irish Brigade from Irish prisoners of war.
He was captured in Kerry in 1916 on Good Friday having returned to Ireland in a German U-Boat. Casement was imprisoned in Pentonville Gaol in London, where he was tried on charges of High Treason.
He was hanged on 3rd August 1916, the only leader of the Rising to be executed outside of Ireland.
I mBaile Átha Cliath a rugadh Ruairí Mac Easmainn in 1864 agus bronnadh teideal air de bharr a chuid seirbhísí do chonsalacht na Breataine. D’oibrigh sé gan staonadh chun aird a tharraingt ar an drochíde a bhíothas a dhéanamh ar oibrithe dúchasach i gCongó na Beilge in 1904 agus arís sa Bhraisíl ó 1911-1912 agus bhain sé siar as an bpobal go hidirnáisiúnta de bharr a chuid tuairiscí.
Bhí Mac Easmainn i gConradh na Gaeilge in 1904 agus thosaigh sé an uair sin ag scríobh altanna náisiúnta faoin ainm cleite ‘Seán Bhean Bhocht’. D’éirigh sé as seirbhís consalachta na Breataine in 1913 agus chuaigh sé ansin isteach sna hÓglaigh. Cuireadh Mac Easmainn chun na Gearmáine de bharr an méid taithí a bhí aige le go gcuirfeadh sé le chéile Cathlán Éireannach as príosúnaigh cogaidh.
Gabhadh é i gCiarraí Aoine an Chéasta 1916 tar éis dó a theacht i dtír in Éirinn de U-Bhád de chuid na Gearmáine. Cuireadh sa phríosún é i bPentonville i Londain agus cuireadh Ard-Tréas ina leith.
Crochadh é an 3 Lúnasa 1916, an t-aon cheannaire a bhain leis an Éirí Amach a cuireadh chun báis lasmuigh d’Éirinn.