Remember | Reflect | Reimagine Cuimhneamh│Machnamh│Athshamhlú


Ireland 2016 is the Irish Government’s programme to mark the centenary of the rebellion of Easter 1916, the event that is generally regarded as having led to Ireland’s independence some six years later.

Beidh an comóradh tomhaiste agus machnamhach, agus bunaithe ar aitheantas iomlán ar an chastacht a bhaineann le hócáidí stairiúla agus a n-oidhreacht, ar na léamha éagsúla a bhíonn ar an stair, agus ar an iomad féiniúlachtaí agus traidisiúin atá ann mar chuid d’eispéireas staire na hÉireann.

The ambition of Ireland 2016 is that people everywhere, in Ireland and overseas, will discover more about 1916 and that period in our history, will participate in events that are being held all around the country and abroad, and will gain access to newly available online historical and cultural material about 1916, as well as material about the centenary programme. 

The overarching themes for the year are Remember, Reflect, Reimagine:

  • Remembering our history and in particular the events of 1916
  • Reflecting on our achievements as a Republic in the intervening century
  • Reimagining our future for coming generations

The Expert Advisory Group on Commemorations (EAG) was established by the Taoiseach in 2011 to advise the Government on historical matters relating to the Decade of Centenaries, the centerpiece of which is 1916. In developing the Ireland 2016 programme, full regard has been taken of the requirement of the EAG that the programme should ‘encompass the different traditions on the island of Ireland and … enhance understanding of and respect for events of importance among the population as a whole’ and that it should also ‘foster deeper mutual understanding among people from different traditions on the island of Ireland.’

The All-Party Oireachtas Group on Commemorations has equal representation from all parties in the Oireachtas as well as independents. The group meets on a regular basis with a view to ensuring that commemorative events are conducted on a non-partisan, inclusive basis.

The Ireland 2016 programme, comprising thousands of events in Ireland and overseas, is the outcome of a lengthy period of consultation at institutional and local level, and the development of a multitude of partnerships and alliances. 

The programme spans the entire year but there is a particular focus on the events of Easter Week.

Is é aidhm Éire 2016 go bhfoghlaimeoidh daoine i ngach áit, in Éirinn agus thar lear, níos mó faoi 1916 agus faoin tréimhse sin inár stair, go mbeidh siad páirteach sna himeachtaí atá á reáchtáil ar fud na tíre agus thar lear, agus go bhfaighidh siad rochtain ar ábhar stairiúil agus cultúrtha atá ar fáil den chéad uair ar líne maidir le 1916, mar aon le hábhar faoin gclár comórtha céad bliain. 

Is iad na téamaí uileghabhálacha don bhliain Cuimhneamh, Machnamh, Athshamhlú:

  • Ag cuimhneamh ar ár stair agus go háirithe imeachtaí 1916
  • Ag machnamh ar ár n-éachtaí mar Phoblacht sna céad bliain ó shin i leith
  • Ag athshamhlú ár dtodhchaí do na glúnta le teacht

Bhunaigh an Taoiseach an Grúpa Sainchomhairleach maidir le Comóradh (EAG) in 2011 chun comhairle a chur ar an Rialtas maidir le cúrsaí stairiúla a bhaineann le Deich mBliana na gCuimhneachán, arb é 1916 a lármhír. I bhforbairt chlár Éire 2016, tugadh aird iomlán ar riachtanas an EAG gur cheart don chlár ‘traidisiúin éagsúla ar oileán na hÉireann a chuimsiú agus ... tuiscint a bhreisiú agus meas a léiriú ar imeachtaí tábhachtacha i measc an daonra ina iomláine’ agus gur cheart ‘comhthuiscint níos doimhne a chothú i measc daoine ó thraidisiúin éagsúla ar oileán na hÉireann.’

Tá ionadaíocht chothrom ag Grúpa Oireachtais Uilepháirtí maidir le Comóradh ó gach páirtí san Oireachtas mar aon le neamhspleáigh. Tagann an grúpa le chéile go rialta lena chinntiú go reáchtáiltear imeachtaí comórtha ar bhonn neamhpháirtíneach, cuimsitheach.

clár Éire 2016, ina bhfuil na mílte imeachtaí in Éirinn agus thar lear, ag tarlú mar thoradh ar thréimhse fada comhairliúcháin ag leibhéal institiúideach agus áitiúil, agus forbairt iliomad comhpháirtíochtaí agus comhghuaillíochtaí. 

Mairfidh an clár ar feadh na bliana ar fad ach tá fócas ar leith ar imeachtaí Sheachtain na Cásca.


A Year for Everyone

Bliain do Gach Duine

The following are extracts from the official Centenary Programme launched in March 2015

2016 will belong to everyone on this island and to our friends and families overseas – regardless of political or family background, or personal interpretation of our modern history.

The Government is committed to ensuring that 2016 will be a year of rich and diverse activities when the full complexity of the last 100 years on this island can be explored and celebrated. Formal State celebrations will, as they have always done, mark 1916 as the moment when Irish nationalism joined forces with a revolutionary, cultural and language movement to forge an irresistible movement towards self-determination.

The Proclamation of the Republic, drawing on the ideals of that generation, has remained an inspiration over succeeding generations. Ireland 2016, as a year of reflection and engagement for everyone on this island, goes far beyond the formal marking of a key historical moment. It is a once-in-a-century invitation to people of all ages, at home and overseas, to shape, and then to actively engage in, a diverse range of historical, cultural and artistic activities, all designed to facilitate reflection, commemoration, celebration, debate and analysis, and an active re-imagining of our future.

Ireland 2016 will offer the world an insight into our particular journey towards independent statehood and how we fared post-independence, while at the same time we will deepen our knowledge of ourselves by understanding the journeys of other nations.

Is sleachta iad seo a leanas as Clár oifigiúil an Chomórtha Céad Bliain a seoladh i Mí an Mhárta 2015

Bainfidh an bhliain 2016 le gach duine ar an oileán seo agus lenár gcairde agus lenár muintir thar lear — gan aird ar chúlra polaitiúil ná teaghlaigh, ná ar an léirmheas pearsanta atá acu ar ár stair nua-aimseartha.

Tá an Rialtas tiomanta a chinntiú gur bliain lán d’imeachtaí éagsúla agus ilchineálacha a bheidh ann i 2016 inar féidir castacht iomlán na céad bliana anuas ar an oileán seo a chíoradh agus a cheiliúradh. Tabharfar aitheantas do 1916 sa cheiliúradh foirmiúil Stáit, faoi mar a rinneadh i gcónaí, mar an uair sin ar nascadh náisiúnachas Éireannach le gluaiseacht réabhlóideach chultúrtha agus teanga sa chaoi gur cruthaíodh gluaiseacht dhochloíte féinchinntiúcháin.

D’fhás Forógra na Poblachta as idéil na glúine sin agus b’fhoinse inspioráide é do na glúine a tháinig ina dhiaidh sin. Bliain mhachnaimh agus rannpháirtíochta do gach duine ar an oileán seo a bheidh in Éire 2016 agus beidh i bhfad níos mó i gceist ná aitheantas foirmiúil a thabhairt d’imeacht an-tábhachtach staire. Cuireadh atá ann nach dtagann ach uair amháin sa chéad do dhaoine de gach aois, sa bhaile agus thar lear, chun réimse leathan gníomhaíochtaí stairiúla, cultúrtha agus ealaíne a mhúnlú chun éascú a dhéanamh ar mhachnamh, comóradh, ceiliúradh, díospóireacht agus anailís, agus ansin chun páirt ghníomhach a ghlacadh iontu agus in athshamhlú ár dtodhchaí.

Tabharfaidh Éire 2016 léargas don domhan ar ár dturas ar leith i dtreo neamhspleáchais agus conas a d’éirigh linn i ndiaidh dúinn é sin a bhaint amach, agus ag an am céanna, cuirfimid lenár dtuiscint orainn féin trí thuiscint a fháil ar scéalta náisiúin eile.

The Themes for Ireland 2016

The Ireland 2016 Centenary Programme is underpinned by five intersecting and overlapping themes – Remembering, Reconciling, Presenting, Imagining and Celebrating.

We will remember the events of 1916 in the full context of our history and we will honour the people whose courage and idealism inspired a nation.

We will engage with the different traditions on our island and recognise the different narratives of today and we will seek to imagine the future in ways that strengthen peace and reconciliation and respect all traditions as envisaged in the ideals of the Proclamation.

We will proudly present to ourselves and to the world our achievements as a Republic and show how we took our place ‘among the nations’, expressing our individuality through our own distinctive culture and heritage, in all its diversity.

We will engage with all of our people, in particular our young people, at home and overseas, to challenge our assumptions and to re-imagine our legacy for future generations.

And we will use the creativity of our artists and the imagination of all our people to celebrate the idealism of the Proclamation, an idealism exemplified by our exceptional legacy of United Nations peacekeeping, as well as the developmental and humanitarian work of Irish Aid and our NGOs.

Na Téamaí a bhainfidh le hÉire 2016

Beidh cúig théama mar bhonn taca le hÉire 2016: Clár Comórtha Céad Bliain – Cuimhneamh, Réiteach, Cur i láthair, Samhlú agus Ceiliúradh - agus beidh siad fite fuaite ina chéile.

Cuimhneoimid ar imeachtaí na bliana 1916 i gcomhthéacs iomlán ár staire agus tabharfaimid urraim do na daoine sin ar spreag a misneach agus a n-idéil an náisiún.

Pléifimid leis na traidisiúin éagsúla ar ár n-oileán agus aithneoimid na hinsintí éagsúla atá ag daoine sa lá atá inniu ann agus déanfaimid iarracht an todhchaí a shamhlú ar bhealaí a neartóidh síocháin agus athmhuintearas agus meas ar gach traidisiún faoi mar a shamhlaítear in idéil an Fhorógra.

Cuirfimid i láthair go bródúil os ár gcomhair féin agus os comhair an domhain a bhfuil bainte amach againn mar Phoblacht agus taispeánfaimid conas ar ghlacamar ár n-áit ‘i measc náisiún an domhain’, ag cur ár bhféiniúlacht, agus éagsúlacht uile na féiniúlachta sin, in iúl trínár gcultúr agus trínár n-oidhreacht shainiúil féin.

Oibreoimid i gcomhar lenár muintir go léir, go háirithe lenár n-aos óg, sa bhaile agus thar lear, le dúshlán ár mbonn tuisceana a thabhairt agus chun athshamhlú a dhéanamh ar an oidhreacht a fhágfaimid ag na glúine atá le teacht.

Bainfimid leas as cruthaitheacht ár n-ealaíontóirí agus as samhlaíocht ár muintire go léir chun ceiliúradh a dhéanamh ar idéalachas an Fhorógra — tá samplaí den idéalachas sin léirithe san oidhreacht eisceachtúil atá againn maidir le dul ar mhisin síochána na Náisiún Aontaithe, agus san obair forbartha agus daonnúil a dhéanann Cúnamh Éireann agus ár n-eagraíochtaí neamhrialtasacha.


Expert Advisory Group

An tSainghrúpa Chomhairleach

Dr Maurice Manning, Chair/Cathaoirleach

Dr Martin Mansergh, Vice Chair/Leas Cathaoirleach

Prof/An t-Oll Mary Daly

Mr Francis Devine

Prof/An t-Oll Diarmuid Ferriter

Dr Leeann Lane

Prof/An t-Oll Eunan O’Halpin

Dr Eamon Phoenix

Mr Gabriel Doherty

Dr Mary Harris

Ms. Sinéad McCoole

An Dr Maurice Manning, Cathaoirleach

An Dr Martin Mansergh, Leas Chathaoirleach

An tOllamh Mary Daly

An tUasal Francis Devine

An tOllamh Diarmuid Ferriter

An Dr Leeann Lane

An tOllamh Eunan O’Halpin

An Dr Eamon Phoenix

An tUasal Gabriel Doherty

An Dr Mary Harris

An tUasal Sinéad McCoole


All Party Oireachtas Group on Commemorations

Grúpa Uile-Pháirtí an Oireachtais do na Cuimhneacháin Chéad Bliain

Minister/Aire Heather Humphreys T. D.,
Chairperson Cathaoirleach

Minister of State/Aire Stáit Aodhán Ó Ríordán T. D.,
Deputy Chairperson Leas Cathaoirleach

Mr Michael Conaghan T. D.

Senator/Seanadóir Mark Daly

Senator/Seanadóir Jim D’Arcy

Ms Anne Ferris T. D.

Mr Dinny McGinley T. D.

Ms Catherine Murphy T. D.

Mr Aengus Ó Snodaigh T. D.

Ms Maureen O’Sullivan T. D.

Senator/Seanadóir Kathryn Reilly

Senator/Seanadóir Mary White

Mr P. J. Bradley

An tAire Heather Humphreys T.D.,
Cathaoirleach

An tAire Stáit Aodhán Ó Ríordáin T.D.,
Leaschathaoirleach

An tUasal Michael Conaghan T.D.

An Seanadóir Mark Daly

An Seanadóir Jim D’Arcy

An tUasal Anne Ferris T.D.

An tUasal Dinny McGinley T.D.

An tUasal Catherine Murphy, T.D.

An tUasal Aengus Ó Snodaigh T.D.

An tUasal Maureen O’Sullivan T.D.

An Seanadóir Kathryn Reilly

An Seanadóir Mary White

An tUasal P.J. Bradley

Stay up-to-date Fan ar an eolas


News Nuacht

Follow the latest news from the Ireland 2016 team including updates of events and programme updates.

Faigh an nuacht is déanaí ó fhoireann Éire 2016, imeachtaí nua agus athruithe ar an gclár ina measc.



Partners Comhpháirtithe

Stay up-to-date with our Partners and follow what’s on in your area, helping to commemorate Ireland 2016.

Fan ar an eolas maidir lenár gComhpháirtithe agus an méid a bheidh ar siúl i do cheantar féin chun Éire 2016 a chomóradh.